Sléacht Bucha

Is é atá i sléacht Bucha ná marú sibhialtach Úcránach ag Fórsaí Armtha na Rúise agus drochíde a thug na Fórsaí Armtha sin dóibh i mí an Mhárta 2022, le linn ionradh na Rúise ar an Úcráin.

Tháinig físfhianaise agus fianaise fhótagrafach den sléacht chun solais ar 1 Aibreán 2022 tar éis de na fórsaí Rúiseacha tarraingt amach as an gcathair.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtSléacht Bucha
Íomhá
 50°32′15″N 30°13′08″E / 50.53744°N 30.21882°E / 50.53744; 30.21882
Cineáleirleach
coir chogaidh
cinedhíothú Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósBucha Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid decoireanna cogadh na Rúise, ionradh na Rúise ar an Úcráin, Kyiv offensive (en) Aistrigh, Cath Bucha agus war crimes in the Russian invasion of Ukraine (en) Aistrigh Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse27 Feabhra - 31 Márta 2022
Dáta na blianaMárta 2022 Cuir in eagar ar Wikidata
Tréimhse amastair chomhaimseartha Cuir in eagar ar Wikidata
SuíomhBucha, An Úcráin Cuir in eagar ar Wikidata
Tíran Úcráin Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
SpriocÚcránaigh Cuir in eagar ar Wikidata
Líon básanna ≥ 411 Cuir in eagar ar Wikidata
Déantóir na coire64th Guards Motorized Rifle Brigade (en) Aistrigh
Fórsaí Armtha na Rúise Cuir in eagar ar Wikidata
Meán cumarsáide
Haischlib#BuchaMassacre Cuir in eagar ar Wikidata

Na himeachtaí

Fuarthas 458 corp, sibhialtaigh go léir, i ndiaidh na heachtra. Le fianaise fhótagrafach, léiríodh gur caitheadh faoi bhéal gunna sibhialtaigh, a cuireadh i líne agus a lámha ceangailte taobh thiar dá ndromanna, rud a cruthaíodh, de réir cosúlachta, gur tharla básuithe seachbhreithiúnacha.

Le fiosrúchán a rinne Radio Free Europe, deimhníodh gur úsáideadh íoslach faoi láthair champála mar sheomra céastóireachta. Fuarthas an-chuid corp agus iad ciorraithe agus dóite, agus thuairiscigh cailíní chomh hóg le 14 bliana d’aois gur éignigh saighdiúirí Rúiseacha iad.

Bhí sé iarrtha ag an Úcráin ar an gCúirt Choiriúil Idirnáisiúnta go ndéanfadh sí imscrúdú ar a tharla in Bucha mar chuid den imscrúdú leanúnach atá á dhéanamh ag an gCúirt ar an ionradh chun a shuíomh an ndearna an Rúis coireanna cogaidh nó coireanna in aghaidh an chine dhaonna.

Sléacht Bucha
Dí-adhlacadh, 8 Aibreán 2022

Shéan údaráis na Rúise go raibh siad freagrach agus ina ionad sin mhaígh siad gur fhalsaigh an Úcráin píosa scannánaíochta den eachtra nó gur eagraigh sí fhéin na maruithe mar chuid d’oibríocht den chineál “bratach bhréige”, agus chuir siad síos ar phíosaí scannánaíochta agus grianghraif de na corpáin mar “bhréagnuacht” ón Iarthar agus mar ghríosú nó léiriú bréige ar thaobh údaráis na hÚcráine.

Chuir roinnt grúpaí agus eagraíochtaí meán síos ar an maíomh sin mar mhaíomh bréagach. De réir cuntais finné súl, bhí Fórsaí Armtha na Rúise freagrach as na maruithe.

Thug duine de mhuintir an bhaile le fios gur ordaigh saighdiúirí Rúiseacha d'fhuíoll an áir gan na coirp a adhlacadh fad is a bhí sé ag sioc go crua. Ar deireadh,nuair a bhí siad ar tí imeacht, thochail siad poll mór le tarracóir agus cuireadh na coirp ann gan aon dínit.

Tuairimí

Thug an tUachtarán Volodymyr Zelensky le fios gur mharaigh na Rúisigh níos mó daoine fós in áiteanna eile fearacht Borodianka tríocha ciliméadar siar ó thuaidh ó Bucha. Bhí coireanna cogaidh agus cinedhíothú curtha i leith Arm na Rúise ag an Uachtarán Zelensky i dtaca leis an sléacht de.

Sléacht Bucha
Foine de chuid na hUcráine

Mhaígh na Rúisigh ag an am nach raibh sa scéal ach cur i gcéill agus gur íomhánna bréige a bhí sna pictiúir de dhaoine marbha.

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

Sléacht Bucha Na himeachtaíSléacht Bucha TuairimíSléacht Bucha Féach freisinSléacht Bucha TagairtíSléacht BuchaIonradh na Rúise ar an ÚcráinÚcránaigh

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Friedrich II na PrúiseBurienRyan GoslingAn Tríú CrosáidGraham Knuttel22 EanáirÉdith PiafPríomhchathairBrabhsálaí GréasáinFeargal Ó BéarraAlfred Hitchcock20 NollaigBoris YeltsinLiosta de sheaimpíní na Fleidhe Uile-ÉireannArtaimísAmerican IdolTíotán (gealach)CosDommocCamille SouterAriana GrandeScála RichterJuan Antonio VillacañasRashida JonesBéiriútNikeEoin Shasana1942Gabriel OrozcoRéalteolaíochtRyan CooglerAthbheochan na GaeilgeKennewickFormaildéadRuathar ar institiúidí an stáit sa Bhrasaíl, 2023Simon Harris15 NollaigAlan ArkinBuster KeatonAn Prionsa William, Diúc CambridgeTáinrith na dtarbhUirneMaigh NuadCluicheEalaín ar OileánAndy WarholGiolgaimisRobin WilliamsEilís II na Ríochta AontaitheAsarbaiseánaighMediaWikiAnúbasSéarlas IIITeangaBardas Bhaile Átha CliathDéréaltaBuíon aistreachCúbaÉireAn fearann poiblíTeangacha CeilteachaFamke JanssenJohnny Hallyday2015Aos eagnaRómánsachasEuroBoris JohnsonPeiptídí codlaidíneacha1979Innealtóireacht bhogearraíBultúr luaithriúíl🡆 More