I mí an Mhárta 2022, thosaigh oll-léirsithe i Srí Lanca maidir le géarchéim eacnamaíochta an oileáin.
Cineál | agóid círéib bhia |
---|---|
Tréimhse | 16 Márta 2022 - |
Tír | Srí Lanca |
Cúis | géarchéim fiachais i Srí Lanca 2021 |
Líon básanna | 1 |
Ar 13 Iúil, theith an tUachtarán, Gotabaya Rajapaksa, lena theaghlach go hOileáin Mhaildíve, chun éalú ó lucht agóide sa tír. D'eitil sé an lá dár gcionn go Singeapór agus d'éirigh sé as a phost.
Fógraíodh staid éigeandála sa tír.
Ceapadh Príomh-Aire na tíre Ranil Wickremesinghe ina Uachtarán eatramhach. Ach ar 13 Iúil, thug léirsitheoirí ruathar faoi oifig an Phríomh-aire i bpríomhchathair Shrí Lanca, Colombo. Bhí na léirsitheoirí ag éileamh go n-éireodh Ranil Wickremesinghe as.
De réir na léirsitheoirí, bhí Wickremesinghe, Rajapaksa agus a theaghlach éillitheach agus forlámhach. Bhí na léirsitheoirí ag iarraidh ruaig a chur ar Wickremesinghe freisin. Is tír dheighilte í Srí Lanca go hiondúil ach dúirt tráchtairí go bhfuil daoine ag teacht le chéile in aghaidh a naimhde coiteanna.
Ar 20 Iúil, thogh an Pharlaimint Ranil Wickremesinghe mar Uachtarán.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Agóidí i Srí Lanca, 2022, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.