Amhránaí agus cumadóir Éireannach ba ea Sinéad Marie Bernadette O'Connor (8 Nollaig 1966 – 26 Iúil 2023) a raibh meas tuillte aici timpeall an domhain mar gheall ar a cumas ceoil ó na 1980idí ar aghaidh.
Ba bhean í a raibh an-tóir ar fud an domhain ar a cuid ceoil.
Bhí aithne uirthi chomh maith mar gheall ar a ceann bearrtha, a háilleacht is a cuid tuairimí conspóideacha Ag aois an-óg a d'aimsigh Sinéad an spotsholas agus d'úsáid sí an aird le solas a chaitheamh ní hamháin ar a cuid ceoil ach ar go leor eile ar nós an tslí ar caitheadh le mná in Éirinn chomh maith le mí-úsáid ghnéis, teifigh, ciníochas, an tabú a bhain leis an ngalar SIDA agus neart eile. Ach is as feabhas a cuid ceoil agus as a guth binn mín is fearr agus is faide a bheidh cuimhne ar Shinéad.
Ba léir go raibh dúchas láidir ceoil inti go hóg ina saol. Agus Sinéad ar an mheánscoil, spreag a múinteoir Gaeilge í le ceithre hamhrán a thaifeadadh – dhá cheann a chum sí féin ina measc. Uaidh sin, thuill sí clú agus cáil as a cuid ceoil ní amháin mar amhránaí ach mar léiritheoir ceoil chomh maith.
Leoga, agus gan í ach fiche bliain d’aois, léirigh sí a céad albam The Lion and the Cobra. Is léiriú ceart é ‘Troy’, an chéad singil a raghnaíodh as an albam sin, ar an drochbhail a tugadh uirthi le linn a hóige. Bhain sí clú agus cáil amach a chéaduair leis an amhrán Mandinka i 1987 ón albam sin.
D’éirigh go maith leis seo agus le halbaim eile a d’eisigh sí ina dhiaidh sin (féach uirthi in 1989 ar an Late Late).
Bhain an t-amhránaí clú idirnáisiúnta amach lena dara halbam, I Do Not Want What I Haven’t Got, a seoladh in 1990 agus ar a raibh an leagan uathúil sin de Nothing Compares to U (amhrán de chuid Prince), an t-amhrán is mó a tharraing aitheantas uirthi. Is ar a máthair a bhíodh sí ag smaointiú agus í á cheol, a dúirt sí (maraíodh a máthair go tobann i dtimpiste bóthair in 1985). Is cinnte gur sin an chúis ar chaoin sí nuair bhí siad ag scannánú an amhráin (blianta ina dhiaidh sin, dúirt sí gurbh iad a deora a tharraing daoine chuici ach nuair a bhí sí ag streacháilt i ndaríre is beag aird a bhí ag daoine uirthi).
Bhí bua ar leith ag Sinéad maidir le liricí nach gcuireann aon fhiacail ann a chumadh.
Thaifead Sinéad deich n-albam stiúideo ar fad lena linn. Bhí sí ábalta aon chineál ceoil a chasadh – reggae, pop, traidisiúnta, agus roc...
Cé gur i mBéarla atá na hamhráin is mó cáil a chan Sinéad O’Connor, bhí dáimh ar leith aici leis an nGaeilge freisin.
In 2002 d’eisigh Sinéad albam dar teideal Sean-Nós Nua ar a bhfuil dhá amhrán as Gaeilge mar atá Báidín Fheilimí agus Oró Sé do Bheatha 'Bhaile. Rinne sí seo le ‘claochlú, bás agus athbhreith an chultúir Ghaelaigh’ a léiriú, dar léi. Léirigh a fear céile ag an am, Donal Lunny, cuid dá halbam Sean Nós Nua.Chomh maith leis sin, bhí ‘Mná na hÉireann’ agus ‘Róisín Dubh’ i measc na n-amhrán a bhí aici agus ar an gcéad albam uaithi, The Lion and the Cobra, tá an t-amhránaí clúiteach Enya le cloisteáil ag rá Salm 91 ar an traic ‘Never Get Old’.
Rugadh Sinéad O'Connor ar an 8u lá de mhí na Nollag 1966 - lá Mhuire gan Smál - i mBaile Átha Cliath. I nGleann na gCaorach i ndeisceart an chontae a tógadh í. Bhí cúigear sa chlann.
Ba í a máthair mhór Kitty O’Grady a bhí ina máthair bhaistí aici agus bhí dáimh láidir idir an bheirt bhan - is deas na cuimhní a bhí ag Sinéad ar bheith istigh i dteach Kitty ina hóige.
Bhí saol beag corrach aici ina hóige. agus saol crua aici ó mhí-úsáid gnéis. Scar a tuismitheoirí nuair a bhí sí ocht mbliana d’aois agus tharla i dtrioblóid í anois is arís ina dhiaidh sin.
Mhaigh sí gur bhuail an mháthair í, gur fhulaing sí mí-úsáid ghnéis agus gur tógadh i dteach an uafáis í. B’iomaí sin uair, a dúirt Sinéad, gur thug a máthair drochbhail uirthi. Dúirt sí gur fhág a máthair ar feadh coicíse sa ghairdín í agus gan í ábalta dul isteach sa teach le titim na hoíche - is mar gheall air seo a bhí fuath aici ar an chlapsholas agus í ina duine fásta.
Chuaigh sí le cónaí lena hathair nuair a bhí sí 10 mbliana d’aois. Ag an am seo, bhíodh Sinéad ag goid ó shiopaí. De bharr í a bheith ag goid, cuireadh isteach in ionad ceartúcháin an Ghrianáin í nuair a bhí sí 15 bliain d'aois ar feadh 18 mhí. Bhíodh an t-ionad seo ina neachtlann Magdalene lá den tsaol agus cé gur dhúirt Sinéad go raibh na mná rialta tíoránta uaireanta, is anseo a tugadh a céad ghiotár dí, rud a spreag í le dul i mbun gairme a chuirfeadh í ar stáitse an domhain.
Ní raibh fuath aici ar a máthair áfach agus briseadh a croí nuair a maraíodh a máthair i dtimpiste bóthair in 1985.
Bhí clú agus cáil uirthi mar ghníomhaí agus reibiliúnach. Bean dheisbhéalach ab ea Sinéad a labhair amach faoi ábhair éagsúla. Thug Sinéad aghaidh ar ábhair nach raibh daoine eile sásta nó cróga go leor aghaidh a thabhairt orthu.
Ní raibh aon chur i gcéill i gceist le Sinéad, ar eagla nach ndíolfaí a cuid ceoil. Ba chuimhin léi i dtús ama lucht bainistíochta ag iarraidh uirthi a cuid gruaige a fhás, smideadh a chur uirthi agus sciortaí gairide a chaitheamh, ach níor bhac sí leo.
Ach bhí impleachtaí diúltachta agus dearfacha aige sin uirthi.
Thug Sinéad aghaidh ar ábhair nach raibh daoine eile sásta nó cróga go leor aghaidh a thabhairt orthu agus bhí impleachtaí diúltachta agus dearfacha aige sin uirthi. Léirigh sí neart thar na beartaibh ach go háirithe agus í ag streachailt le galar intinne,
Bhí Sinéad pósta roinnt babhtaí agus bhí ceathrar clainne uirthi.
Rinne Ioslamaí de O’Connor in 2018 agus d’athraigh sí a hainm go Shuhada' Sadaqat, ach choinnigh léi mar cheoltóir faoina hainm breithe.
Bhí Sinéad ag streachailt le fadhbanna meabhairshláinte le fada. Sa bhliain 2015, bhí coirmeacha ceoil ar fud mhór-roinn na hEorpa curtha ar ceal aici ar chomhairle dochtúra.
Cailleadh duine den chlann, a mac Shane, go tragóideach sa bhliain 2022, chuir an t-ógánach (17) lámh ina bhás féin. An ceoltóir Donal Lunny ab ea a athair.
Thángthas ar chorp Shinéad O’Connor ina hárasán i Londain ar 26 Iúil 2023, in aois a sé bliana déag agus dhá scór. Fuair sí "bás le hadhairt", a dúirt an cróinéir ar an 9 Eanáir 2024, ach níor thug sé na sonraí beachta amach.
Ar 8 Lúnasa, bhailigh na mílte daoine ar shráideanna Bhré, Contae Chill Mhantáin, chun Sinéad a chaoineadh. Tháinig an tsochraid fríd an bhaile tar éis seirbhís phríobháideach, a rinne Ard-Iomám Ionad Ioslamach na hÉireann, an Dr Umar Al-Qadri. Stop an tsochraid lasmuigh den teach a mbíodh Sinéad O’Connor ina cónaí ar feadh 15 bliain. Bhí ceol Bob Marley agus a amhrán ‘Natural Mystic’ le cloisteáil ó veain a bhí ar cheann na sochraide.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Sinéad O'Connor, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.