Amhránaí, ilcheoltóir, cumadóir, léiritheoir agus aisteoir Meiriceánach ab ea Prince Rogers Nelson (7 Meitheamh 1958 a rugadh é agus ar an 21 Aibreán 2016 a fuair sé bás).
Ceoltóir an-thorthúil a bhí ann, agus aithne air mar chumadóir nuálach a bhíodh ag forbairt go síoraí agus ag meascadh seánraí éagsúla le chéile - idir func, rac-cheol, rithim agus gormacha, anamcheol agus pop.
Tá Prince ar dhuine de na ceoltóirí is mó díol riamh, agus thart ar chéad milliún céirnín díolta aige. Bhuaigh sé seacht nGradam Grammy, Gradam an Acadaimh amháin agus bronnadh áit sa Rock and Roll Hall of Fame air sa bhliain 2004.
D'éag Prince in ardaitheoir dá chuid, i Paisley Park, lasmuigh de Minneapolis, ina aonar, ar an 21 Aibreán 2016, tar éis dó a bheith tinn le dhá sheachtain anuas. D'éag sé de bharr ródháileog drugaí (Fentanyl)...bás tionóisceach is cosúil. Bhí sé mearaithe ag pianmhúcháin ar feadh coicíse, agus níor fhág sé an teach i rith an ama.
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Prince, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.