Comhlacht iltíre Briotanach ab ea EMI (EMI Group Limited go hoifigiúil agus Electric and Musical Industries ag an tús, as a dtáinig EMI).
Bunaíodh an comhlacht i mí Márta na bliana 1931 agus bhíodh a phríomhoifigí i Londain. Ba é an ceathrú gnólacht agus grúpa lipéad taifeadta ceoil ba mhó ar domhan nuair a briseadh suas é sa bhliain 2012. Ar na lipéid a bhí ag EMI Records Ltd. bhí EMI Records, Parlophone, Virgin Records agus Capitol Records. Bhíodh aonad foilsitheoireachta ag EMI freisin, mar atá EMI Music Publishing, agus é lonnaithe i Londain le hoifigí ar fud an domhain.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | gnó cuideachta sealbhaíochta record company (en) cuideachta phríobháideach lipéad ceoil | ||||
Foirm dlí | cuideachta phoiblí theoranta | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 29 Márta 1928 1931 31 Márta 1931 1 Eanáir 1973, Londain | ||||
Dáta díscaoilte, díothaithe nó scartáilte | 2012 | ||||
Rud nó duine a tháinig ina áit | Parlophone Records Ltd. (en) | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Líon fostaithe | 15,000 | ||||
Máthaireagraíocht | Universal Music Group Sony (United Kingdom) (en) Warner Music Group | ||||
Úinéir | Vivendi | ||||
Fochomhlacht | Norske Gram EMI Records EMI Music Japan Carl Lindström A.G. Toshiba EMI Ltd. (en) (1973–2007) EMI Pathé Marconi S.A. (en) (1986–) Chrysalis Records Ltd. (en) (1988–) Poko Rekords (2001–2009) | ||||
Úinéir de | |||||
Cuid de | major label (en) (–2012) | ||||
Suíomh gréasáin | universalmusic.com… | ||||
Bhí an comhlacht mar chuid den Innéacs FTSE 100, ach nuair a carnaíodh SAM $4 billiún d'fhiacha, díoladh é le Citigroup i mí Feabhra 2011. Níor mhair úinéireacht Citigroup i bhfad áfach: d'fhógair siad i mí na Samhna sa bhliain 2011 go ndíolfaidís craobh an cheoil le Universal Music Group, cuid de Vivendi ar $1.9 billiún, agus an gnó foilsitheoireachta le Sony/ATV ar $2.2 billiún.
Cuireadh Electric and Musical Industries Ltd ar siúil i Márta 1931 le cumasc de Columbia Graphophone Company agus an Gramophone Company, a raibh an lipéad taifeadta úd "His Master's Voice" acu, dhá chomhlacht a ndeacgaigh a stair siar go tús thaifeadadh na fuaime. Rinne an comhlacht nua taifeadadh fuaime chomh maith le gléasanna taifeadta agus seinnte.
Sna 1960idí bhí The Beatles ar na bannaí ceoil a bhí sínithe acu.
Is síol faoin ghnó é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article EMI, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.