Is saghas uirlis cheoil é an giotár.
Is téaduirlis í, agus bíonn idir cheithre agus dhá théad dhéag air, de ghnáth. Nuair a phioctar na téada (léis na méara nó le pleictream), tosaíonn siad ag tonnchrith agus fuaim uathu. Tá dhá shaghas giotár le fáil, go bunúsach - giotár leictreach agus giotár fuaimiúil. Chomh maith leis sin, tá dord nó dordghiotár ann freisin.
Cineál | plucked necked box lute (en) agus long, thin object (en) |
---|---|
Aicmiú Hornbostel-Sachs | 321.322-5-6 |
Raon seinm | |
Sampla fuaime | |
Gairm ealaíonta | giotáraí |
Is uirlis choitianta é an giotár sa rac-cheol, an giotár-leictreach go háirithe. Tugtar an t-ainm giotáraí ar dhuine a sheinneann an giotár. Nuair a bhuaileann tú ceann de na téada nó na sreanga ar an ngiotár baineann tú creathadh as agus téann an creathadh sin siar go dtí an poll fuaime nó i gcás an ghiotáir leictrigh go dtí na glacadóirí. Is í minicíocht an chreathaidh seo a dhéanann an nóta. Bíonn na téada saora ar ghnáthghiotár sé-théadach tiúnáilte mar seo: E B G D A E. Agus nuair a leagan tú méar ar na frets athraítear an mhinicíocht go crómatach de réir mar a théann tú suas an caol nó an muineál.
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Giotár, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.