Gné den rac-cheol atá i gceist leis an rac malartach, nó an ceol malartach.
Thosaigh an téarma seo ag éirí níos coitianta le linn na n-ochtóidí agus na nóchaidí, chun cur síos a dhéanamh ar rac-bhannaí a bhí taobh amuigh den phríomhshruth ag an am. Go bunúsach, ba bhannaí iad a bhí tugtha don phunc-rac agus iad á bhfoilsiú faoi lipéid bheaga neamhspleácha, bannaí nach raibh furasta a aicmiú in aon earnáil eile. Deirtear gur tharla pléasc mhór an rac-cheoil mhalartaigh i ndeireadh na n-ochtóidí agus i dtús na nóchaidí, nuair a bhris na bannaí seo isteach sa chuilithe go tobann.
Is téarma an-leathan é rac malartach, agus níl aon sainmhíniú dearfa le fáil. Dá réir sin, cuirtear gach banna sainearnála sa chatagóir seo, cé go mbíonn siad sách difriúil eatarthu féin freisin.
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Rac malartach, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.