Reáchtáladh idir 6 Samhain - 18 Samhain 2022 in Sharm El Sheikh san Égipt, COP27 (Comhdháil na bPáirtithe 27) nó Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2022.
Tíortha a shínigh Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Athrú Aeráide a bhí páirteach sa chruinniú mullaigh dá ngairmtear COP27, faoi choimirce na Náisiún Aontaithe.
| ||||
Cineál | recurrent event edition (en) United Nations Climate Change conference (en) | |||
---|---|---|---|---|
Tréimhse | 6 - 20 Samhain 2022 | |||
Uimhir eagrán | 27 | |||
2023 → | ||||
Príomhábhar | climate action (en) | |||
Suíomh | Sharm el-Sheikh, An Éigipt | |||
Tír | an Éigipt | |||
Eagraí | Government of Egypt (en) agus na Náisiúin Aontaithe | |||
Líon na rannpháirtithe | 33,000 | |||
Sprioc | climate mitigation (en) , adaptation to global warming (en) , climate finance (en) agus comhoibriú | |||
Meán cumarsáide | ||||
Suíomh gréasáin | cop27.eg… | |||
Haischlib | #COP27 | |||
Bhí an Chomhdháil ag tarlú agus níos mó fianaise ná riamh tagtha chun solais go bhfuil an pláinéad i staid éigeandála, mar a dúirt António Guterres, Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, agus go bhfuil géarghá le héirí as úsáid breoslaí iontaise chomh luath agus is féidir.
Bhí níos mó ná nócha ceann stáit agus ionadaithe ó beagnach dhá chéad tír i láthair. Bhí sé molta do thíortha rachmasacha an domhain gearradh siar suntasach a dhéanamh ar a gcuid astaíochtaí carbóin má táthar le teocht na cruinne a choinneáil 1.5 céim os cionn an leibhéil a bhí ann ag deireadh na naoú haoise déag. Bhí Joe Biden, Uachtarán na Stát Aontaithe, ann ach ní riabh Xi Jinping, Ceannaire ar Dhaon-Phoblacht na Síne, i láthair.
Bunaíodht ciste idirnáisiúnta le teacht i gcabhair ar phobail leochaileacha ar fud an domhain a bhfuil an t-athrú aeráide ag dul i gcion go mór orthu.
Don chéad uair, ghlac na tíortha saibhre leis an bprionsabal an 'údar an truaillithe a íocann". Ach chuir Éire €10 milliún sa chiste (méid beag bídeach).
Rinne Uachtarán na Fraince, Emmanuel Macron, éileamh ar an tSín agus ar na Stáit Aontaithe a gcion féin a íoc ionas go mbeidh na tíortha bochta in ann déileáil leis an athrú aeráide.
Bhí sé geallta ag an Taoiseach Micheál Martin go ndéanfaidh Éire gach ar féidir léi lena chinntiú "go mbeadh an Domhan inmharthana".
Cáineadh an Chomhdháil mar go raibh an comhlacht Coca-Cola ina urraitheoir uirthi. Bhí a lán brústocairí eile ann chomh maith. Agus bhí eitleáin phríobháideacha ag teacht agus imeacht cosúil le fheithidí.
Dúirt Greta Thunberg nach bhfuil sa chomhdháil ach “sciúradh glas,
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Comhdháil na Náisiún Aontaithe maidir leis an athrú aeráide, 2022, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.