Feargal Ó Béarra: Duine de mhórscríbhneoirí agus mórscoláirí Gaeilge na linne

Scoláire, scríbhneoir agus aistritheoir ba ea Feargal Ó Béarra (a d'éag 21 Nollaig 2022), ar dhuine de mhórscríbhneoirí Gaeilge a linne.

Infotaula de personaFeargal Ó Béarra
Feargal Ó Béarra: Beatha, Saothar, Féach freisin
Beathaisnéis
Bás21 Nollaig 2022
Gníomhaíocht
Gairmscríbhneoir, scoláire Cuir in eagar ar Wikidata

Beatha

Tógadh Feargal Ó Béarra i mBoth Chuanna i nGaeltacht Chois Fharraige.

Bhronn Ollscoil na Gaillimhe MA air sa bhliain 1994 agus Ph.D in 2004.

Léachtóir ollscoile ab ea é agus suim ar leith aige sa Luath-Ghaeilge agus sa Luath-Ghaeilge mhoch. Bhí ardmheas air mar theagascóir.

Ag obair in Ard-Stiúrthóireacht Aistriúcháin an Choimisiúin Eorpaigh sa Bhruiséil mar aistritheoir a bhí sé sna 2010idí, obair ar thug sé “ceird nár chol le Clanna Gael” uirthi.

Bás agus oidhreacht

Bhí Feargal Ó Béarra tinn le tamall nuair a fuair sé bás roimh am ar 21 Nollaig 2022. Maireann a chéile, Maedhbh Nic Dhonnchadha, a pháistí Aindrias Micheál, Saileog Bairbre agus Piaras, agus a mháthair, Sorcha Uí Bhéarra.

Saothar

Tá a shaothair, Mé Suibhne agus An Tromdhámh, ar athchóiriú iad ar sheanchas na nGael, áirithe ar shárleabhair Gaeilge na mílaoise nua. Bronnadh Gradam Uí Shúilleabháin do Leabhar Gaeilge na Bliana ar An Tromdhámh in 2019.

Liosta neamhiomlán dá chuid foilseacháin

Scoláire agus taighdeoir fíorchumasach ab ea é a chuir spéis i réimse fairsing ábhar, ó Naomh Éinne go dtí Máirtín Ó Cadhain.

  • Táin bó Cúailnge: leagan III: téacs agus aistriúchán”, tráchtas MA, Ollscoil na Gaillimhe, 1994
  • “A critical edition of Síaburcharpat Con Culaind”, tráchtas PhD, Ollscoil na Gaillimhe, 2004.
  • An Tromdhámh Curtha i gcartlann 2022-05-27 ar an Wayback Machine, Leabhar Breac, ISBN 978 1 911363 21 7
  • Mé Suibhne, Leabhar Breac (2022)
  • “Gaeilge Uí Chadhain”, in: Máire Ní Annracháin [eagarthóir], Saothar Mháirtín Uí Chadhain, Léachtaí Cholm Cille 37, Má Nuad: An Sagart, 2007. 103–130).
  • An Old Irish Primer, le Wim Tigges. Nijmegen: Stichting Uitgeverij de Keltische Draak, Nodus Publikationen, 2006.
  • Bádóireacht: Bootsbau und Seefahrt in der westirischen Tradition, . le Arndt Wigger, Schriften des Studienhauses für Keltische Sprachen und Kulturen, 4, Bonn: Studienhaus für keltischen Sprachen und Kulturen, 2012. xiv + 173 pp.
  • Máirtín Ó Cadhain: Téacsanna Teagaisc: Teaching Texts – A Selection a foilsíodh i 2020. Feargal Ó Béarra agus Arndt Wigger a chuir in eagar. Ceachtanna a chum an Cadhnach sna 1960idí chun an Ghaeilge a theagasc. Foilsíodh leagan Gearmáinise freisin.
  • “John Montague’s ‘A grafted tongue’”, Translation Ireland 17:2 — Translation and Irish in the twenty-first century (2006, 2007): 86–89.
  • Ó Béarra, Feargal, “Ionmholta malairt bhisigh: An caighdeán oifigiúil 1958–2008”, in: Dónall Ó Baoill, Donncha Ó hAodha, and Nollaig Ó Muraíle (eds), Saltair saíochta, sanasaíochta agus seanchais: A festschrift for Gearóid Mac Eoin, Dublin: Four Courts Press, 2013. 247–260.
  • Buile Shuibhne: vox insaniae from medieval Ireland”, Ó Béarra, Feargal (2014). "Mental health, spirituality, and religion in the middle ages and early modern age": 242–289. De Gruyter.  in: Albrecht Classen (ed.),
  • Ceird an aistritheora – ceird nár chol le Clanna Gael, 28 Meitheamh 2016, Tuairisc.ie

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

Feargal Ó Béarra BeathaFeargal Ó Béarra SaotharFeargal Ó Béarra Féach freisinFeargal Ó Béarra TagairtíFeargal Ó Béarra202221 Nollaig

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Cailifeacht UmayyadÓgie Ó CéilleachairComhphobal Eacnamaíochta na hEorpaAn ÍogbóisFearPat IngoldsbyAn Cailín Ciúin (scannán)An ÍoslainnMarie Antoinette na hOstaireAd Dawhah al JadidahCeol traidisiúnta na hÉireannAlmeida TheatreAn tSean-Ghaeilge19CailínLipidíISSN2Staidreamh26 FeabhraJuan Antonio VillacañasFrançois FillonCómhaoin WikimediaTeicneolaíochtAilbhe Ó Monacháin6551931Eolaíocht shóisialtaGnóTúlánDavid StantonAn Choróin MhuireBKGéarchéim Rúis-Úcránach, 2021-2022Contae Dhún na nGallTéamh domhandaNa Gaeil Óga, CLGÉireGarfieldVínComórtas Amhránaíochta na hEoraifíseAn Ghaeilge2012Cló Gaelach1982EipiciúrasMichael MeehanConstance Gore-Booth MarkiewiczColm de Bhailís1906Brabhsálaí GréasáinAn CóranUisceGipseamBrian Ó BaoillCogadh Cathartha na hÉireann82Piollaire (cógas)The EconomistK2EuroManaShakespeare's Globe🡆 More