Ar 15 Iúil 2022, d'eisigh Met Éireann rabhadh buí teasa maidir le gach áit sa tír.
D'eisíodh a dara rabhadh buí teasa na bliana ar 11 Lúnasa 2022.
Cineál | tonn teasa |
---|---|
Cuid de | Tonn teasa san Eoraip, Iúil 2022 |
Tréimhse | 8 - 20 Iúil 2022 |
Dáta na bliana | Iúil 2022 |
Tír | an Ríocht Aontaithe |
Cúis | téamh domhanda |
Dúirt Oifig na hAimsire gur sáraíodh an churiarracht teochta a taifeadadh ag 10 gcinn dá cuid stáisiúin ar fud na tíre le linn brothall Lúnasa 2022.
Cláraíodh an teocht is airde riamh in Éirinn le linn mhí Lúnasa, 31.7C ar 12 Lúnasa 2022, ag Stáisiún Pháirc na Darach i gCo Cheatharlach. Baineadh curiarrachta amach in áiteanna eile chomh maith. Ag Páirc an Mhúraigh i gCo Chorcaí facthas an teocht is airde i mí Lúnasa riamh, ó tosaíodh ag cláraigh ansiúd, 30.6 céim Celsius.
hÁiríodh tonn teasa ag 7 gcinn de na stáisiún, - meánteocht 25 céim nó os a chionn ar feadh 5 lá nó tuilleadh as a chéile.
"Le 20 bliain as 21 bliain anuas" a dúirt Met Éireann, "bhí an teocht níos airde ná an teocht ba ghnáthach sa tír sna 1970í".
Bhí rabhadh buí i margadh an leictreachais fógartha ar 9-10 Lúnasa. Ganntan gaoithe, srian ar allmhairiú leictreachais agus "briseadh éigeantais ag roinnt gineadóirí" na cúiseanna a tugadh ar an bhfainic a heisíodh.
Bhí Uisce Éireann ag iarraidh ar dhaoine a bheith spárálach leis an uisce ó tharla nach bhfuil aon bháisteach á tuar. Bhí srianta curtha i bhfeidhm ar soláthar uisce.
Ar 9 Lúnasa 2022, chuir oifig na haimsire i Sasana rabhadh teasa amach agus teocht chomh hard le 35 céim Celsius á tuar.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Tonn teasa in Éirinn agus sa Bhreatain, 2022, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.