Scannal Elonjet Agus Twitter, 2022

Ar 15 Nollaig 2022, chuir Elon Musk an cuntas @ElonJet ar Twitter ar fionraí; cuireadh cuntaisí roinnt iriseoirí aitheanta ar fionraí chomh maith — tar éis dóibh scríobh faoi Musk.

Tharraing na gníomhartha seo conspóid timpeall an domhain, an scannal Elonjet ar Twitter. Dúirt Musk, nuair a cheannaigh sé Twitter, go raibh sé go huile is go hiomlán ar son saoirse cainte. Ach nuair a cuireadh na cuntaisí ar fionraí, bhí imní ann go raibh Musk ag iarraidh saoirse cainte a chosc.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtScannal Elonjet agus Twitter, 2022
Cineálgníomh
fionraí cuntais Cuir in eagar ar Wikidata
Dáta na bliana15 Nollaig 2022 Cuir in eagar ar Wikidata
Rannpháirtí
Scannal Elonjet Agus Twitter, 2022
seat scáileáin de chuid Elon Musk

@ElonJet

Scannal Elonjet Agus Twitter, 2022
Faisnéis faoi chúrsaí eitleáin phríobháidigh

Cuireann an cuntas @elonjet faisnéis faoi chúrsaí eitleáin phríobháidigh ar na meáin shóisialta (Facebook, Instagram, Telegram, Truth Social, Mastodon ... agus Twitter, go dtí 15 Nollaig 2022). Faisnéis é seo a fhoilsíonn an Federal Aviation Authority faoi chúrsa gach eitleán príobháideach. D'oscail Jack Sweeney (a rugadh sa bhliain 2002) an cuntas seo agus go leor cuntaisí eile (faisnéis faoi fhir gnó timpeall an domhain agus faoi chúrsaí na n-eitleán príobháideach).

Scannal Elonjet Agus Twitter, 2022
an t-iriseoir Donie O'Sullivan de chuid CNN, Dublin Web Summit 2015

Chuir Musk i leith an chuntais Elonjet go ndearnadh ionsaí ar charr a mhic (sic, a charr agus ní eitleán) de bharr an eolais seo a bheith foilsithe.

Cinsireacht

Cuireadh cuntais roinnt iriseoirí aitheanta ar fionraí ar an lá céanna, cé nach léir gur fhoilsigh siadsan an fhaisnéis seo (faoi chúrsaí eitleáin). Bhí Musk ag déanamh cinsireacht ar thuairimí nár thaitin leis, is cosúil. Cuireadh an cuntas @joinmastodon (Mastodon agus iomaitheoir Twitter) ar fionraí chomh maith.

I measc lucht na meán a cuireadh ar fionraí:

Spreag na gníomhartha de chuid Musk raic cheart i measc an phobail timpeall an domhain. I ndiaidh dhá lá, b'éigean na fionraíochtaí a chur ar cheal de bharr na raice seo. Dáiríre píre, reáchtáil Musk pobalbhreith nó 'reifreann' chun an cheist 'a réiteach'.

Freagairt

Deir an tAontas Eorpach go bhféadfaí smachtbhannaí a chur air faoi reachtaíocht nua faoi na meáin, agus gur díol imní é an fionraí seo. Ar Twitter féin a chuir an coimisinéir Very Jourova é seo in iúl, á rá gur chuir sé imní uirthi go raibh iriseoirí ar fionraí 'go dírialta' agus gur sárú é seo ar shaoirse na meán agus ar chearta bunúsacha.

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

Scannal Elonjet Agus Twitter, 2022 @ElonJetScannal Elonjet Agus Twitter, 2022 CinsireachtScannal Elonjet Agus Twitter, 2022 FreagairtScannal Elonjet Agus Twitter, 2022 Féach freisinScannal Elonjet Agus Twitter, 2022 TagairtíScannal Elonjet Agus Twitter, 202215 Nollaig2022Elon MuskTwitter

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

FiabhrasTom CruiseFranz LisztForas na GaeilgeÓgie Ó CéilleachairFìobhaDún DealganSiombailMagh LoirgTáin Bó FlidaisEolaíocht mhatamaiticeDamon HillLuas9 (uimhir)Georgia May FooteMünchenUilleam UallasMeasán catachLeonardo da VinciGréasán DomhandaFéinghráMediaWikiIaltóg ghiobach AlcathoeLá Taraimsithe an DomhainAAn tÍliadDiosbóisHarry Potter agus an Prionsa LeathfholaBróicéirAiltireachtBhatarsaighNeil FlynnJermaine JenasAn BíoblaMuireSiachCipeanJohn WarkDátú potaisiam/argóinReitineCróch bréigeBruce LeeRhys ap GruffyddAn tAibreánLondainAn GhearmáinPunt steirling1480íBróimínEalaín ÉatrúscachAn TamailisAn Afraic Thiar TheasBancAn tAontas EorpachBryndzové haluškyLeabharlann Náisiúnta na hAlbanStáit Aontaithe MheiriceáHomerlandRíomhphostThomas JeffersonÍosaighLinda MartinAn Caol ArcachAn Comunn GàidhealachAn PhacastáinDaithí Ó MuiríAmhaireLiosta daoine as an mBreatain BheagRedondaAlice WeidelPolaitíochtRíthe Mhagh Loirg🡆 More