Iriseoir agus craoltóir le RTÉ Raidió na Gaeltachta, Comhar, Scéala Éireann, srl ba ea Seán P Ó hÉalaí (a d'éag ar 6 Mairt 2023 agus as Doire ó dhúchas dó).
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | Doire, Northern Ireland |
Bás | 6 Márta 2023 |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Ailse laraingeach) |
Gníomhaíocht | |
Suíomh oibre | RTÉ Raidió na Gaeltachta |
Gairm | iriseoir, craoltóir |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
Bhí Seán P Ó hÉalaí páirteach i nGluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta ag deireadh na seascaidí, agus leis an bhfeachtas toghchánaíochta a reáchtáladh do Pheadar Mac an Iomaire.
Ceapadh é ina eagarthóir ar an iris Comhar i dtús na seachtóidí.
Thug sé roinnt blianta ina dhiaidh sin ag obair do Nuacht RTÉ. Ba é an chéad Chomhfhreagraí don Iarthuaisceart ag an tseirbhís sin agus bhíodh tuairiscí rialta aige faoi na Trioblóidí.
D’fhág sé RTÉ ag tús na n-ochtóidí chun dul ag obair mar Eagarthóir Gaeilge an Irish Press (Scéala Éireann) agus d’fhan sé leis an nuachtán sin nó gur dúnadh é i 1995.
Chuaigh sé ag obair le RTÉ Raidió na Gaeltachta i nDomhnach Broc ina dhiaidh sin. I measc na gclár ar RnaG a raibh baint aige leo mar láithreoir nó léiritheoir bhí Ardán na nEalaíon agus na hirischláir ón ardchathair An Chaint sa Chathair agus Glór Anoir. D’éirigh sé as in 2012.
Bhíodh sé ag soláthar colúin Ghaeilge (Beocheist) don Irish Times ar feadh na blianta.
Ba charachtar lán de bheocht é a raibh joie de vivre ag baint lena chuid oibre sna meáin, Ba cheoltóir den scoth é, amhránaí agus giotáraí. Chas sé ceol le Dáithí Sproule agus Mícheál Ó Domhnaill lena linn.
Ar scor, bhí cónaí air i gCros Araild i mBaile Átha Cliath agus sa Spáinn.
Bhuail ailse scornach é agus chaill sé a ghuth iontach le linn na 2010idí. Fuair sé bás ar 6 Márta 2023.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Seán P. Ó hÉalaí, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.