Sa bhliain 2022, d'fhógair rialtas na Breataine plean lucht iarrtha tearmainn a dhíbirt go Ruanda.
Bhíothas ag súil go ndíbreofaí seachtar teifeach go Ruanda ar 14 Meitheamh 2022. Bhí an rialtas ag iarraidh fós eagla an domhain a chur ar lucht iarrtha tearmainn thar lear, chun an inimirce a laghdú. Bhí sé ina chogadh dearg le tamall faoin inimirce, agus tharraing an "plean Ruanda" conspóid go leor.
Cineál | immigration policy (en) population transfer (en) |
---|---|
Cuid de | Rwanda–United Kingdom relations (en) |
Tír | an Ríocht Aontaithe |
Pointe imeachta | an Ríocht Aontaithe, Ríocht Aontaithe |
Críochphointe | Ruanda |
Cuireadh bac ar na pleananna in 2022 agus d'éirigh an beart ina dhomlas. Thug cinneadh ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine ar cheann de na cásanna deis do dhlíodóirí achomharc a dhéanamh ag an nóiméad deiridh.
Dúirt an Rúnaí Baile, Priti Patel, ag an am go leanfadh an Rialtas Briotanach ar aghaidh leis an bpolasaí in ainneoin an rialaithe. Chosain Liz Truss, Rúnaí gnóthaí eachtracha na R-A ag an am, agus Príomh-aire níos déanaí, an plean chomh maith. Cuireadh ina leith go ndearna Patel bulaíocht agus d'éirigh sí as a post mar Rúnaí Gnóthaí Baile ar 6 Meán Fómhair 2022.
Ceapadh Suella Braverman mar Rúnaí Gnóthaí Baile. Mhaígh sí go raibh sí an-imníoch faoi chomh tiomanta agus atá Rialtas na Breataine na gealltanais a rinne siad san olltoghchán deireanach a chomhlíonadh. Ceist na n-imirceach is mó a bhí ar intinn aici sa mhéid seo, agus í ag iarraidh lucht iarrtha tearmainn a sheoladh chuig Ruanda, srl. D'éirigh Suella Braverman as mar Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine ar 19 Deireadh Fómhair 2022, tar éis di cáipéis oifigiúil a sheoladh óna cuntas pearsanta ríomhphoist seachas ó chuntas rialtais.
Creid nó ná creid, cheap Rishí Sunak Braverman mar Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine don dara uair ar 25 Deireadh Fómhair 2022.
Rialaigh an Chúirt Achomharc i mí an Mheithimh 2023 nach bhféadfaí inimircigh a chur go dtí Ruanda mar nár thír shábháilte í.
Cúpla mí níos déanaí, ar 15 Samhain 2023, rialaigh Cúirt Uachtarach na Breataine go bhfuil plean Rialtas na Breataine inimircigh a chur go dtí Ruanda neamhdhleathach. Dúirt an Breitheamh Robert Reed go raibh baol ann go seolfaí ar ais chuig a dtíortha dúchais daoine a chuirfí go dtí Ruanda. Bhí an rialú bunaithe ar an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.
Bhí an Rúnaí Gnóthaí Baile na Breataine Suella Braverman go mór i bhfabhar an pholasaí inimircigh a chur go dtí Ruanda ach bhris Rishi Sunak as a post í.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Plean tearmainn na Ríochta Aontaithe in Ruanda, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.