Sa Fhrainc, fógraíodh leasú pinsin ina dhlí ar 14 Aibreán 2023, chun an pinsin a athchóiriú le go mbeadh ar dhaoine dul ar scor ag ceithre bliana is seasca d'aois, in ait dhá bhliana is seasca Thug an Chomhairle Bhunreachtúil cead a thabhairt don don Rialtas a leasú a ritheadh ar an lá céanna.
Cineál | acht |
---|---|
Ba chúis leis | 2023 French pension reform strikes (en) |
Tharraing an leasú conspóid ollmhór le linn 2023. Dúirt an rialtas go raibh air an aois scoir a ardú chun an ciste a mhaoiniú. Dúirt na ceardchumainn go raibh slí eile chun cothromaíocht a fháil ar chóras an phinsin.
Bhí agóidí i gcoinne an athchóirithe ar siúl i bPáras agus i mbailte eile timpeall na tíre ar feadh cúpla mí. Bhí daoine ar buile leis an Uachtarán, Emmanuel Macron, as an tslí a chuir sé an t-athchóiriú tríd. Bhain an rialtas úsáid as Airteagal 49.3 de Bhunreacht na Fraince ; tugann an tAirteagal sin cead don rialtas dlí a thabhairt isteach gan vóta ó pholaiteoirí san Assemblé.
Nuair a chuaigh an bille tríd ar dtús ar an séú lá déag de mhí an Mhárta, bhailigh slua mór daoine le chéile le bheith i mbun agóide. Cuireadh isteach ar sceideal na n-eitleán, na dtraenacha agus an bhailiúcháin dramhaíola.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Leasú pinsin sa Fhrainc 2023, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.