Tharla Ollsléacht Nong Bua Lamphu ar 6 Deireadh Fómhair 2022; mharaigh fear a raibh gunna agus scian aige 38 duine ag ionad cúram leanaí i mbaile Uthai Sawan i gCúige Nong Bua Lamphu i dtuaisceart na Téalainne in aice leis an teorainn le Laos.
Iar-phóilín a bhí ann a mharaigh a bhean agus a pháiste san ionsaí, i dteannta 35- duine eile sular chaith sé é féin.
| ||||
Cineál | oll-lámhach dúnmharú–féinmharú | |||
---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 6 Deireadh Fómhair 2022 | |||
Suíomh | Uthai Sawan, An Téalainn (en) , Na Klang, An Téalainn (en) | |||
Tír | an Téalainn | |||
Cúis | drug dependence (en) | |||
Líon básanna | 38 | |||
Líon gortaithe | 12 | |||
Déantóir na coire | Panya Khamrab (en) (sladmharfóir) | |||
Arm | gunna láimhe Gunna gráin scian pickup truck (en) | |||
Haischlib | #กราดยิงหนองบัวลำภู |
Briseadh Panya Khamrab, 34 bliain d'aois, as a phost leis na póilíní sa bhliain 2021 nuair a cúisiodh i gcoireanna drugaí mídhleathacha é. Bhí sé os comhair cúirte faoi na cúisimh sin ar maidin sular thug sé faoin sléacht.
Ag am lóin a thosaigh an ruathar nuair a tháinig Khamrab isteach in ionad leanaí lena ghasúr a thabhairt abhaile. Ach bhí an páiste gaibhte abhaile roimhe sin le bean chéile an fhir. Chaill Khamrab a chiall agus chaith sé cúigear den mheitheal oibre (bhí gunna 9mm agus scian aige) sular thug sé faoi sléacht na bpáistí, a bhí ina curtha a chodladh i seomra a bhí faoi ghlas.
Bhí 22 páiste san iomlán maraithe ag Khamrab. Dhá bhliain d'aois a bhí na gasúir is óige a maraíodh. Idir dhá bhliain agus chúig bhliana a bhí na páistí ar fad. Is le scian den chuid is mó a thug fear an ionsaithe faoin ruathar. Bheadh níos mó fós sa naíolann marach go raibh daoine coinnithe sa mbaile ag báisteach throm agus fuarlaigh.
As sin, chuaigh Khamrab abhaile, áit ar mharaigh sé a bhean agus páiste sular chuir sé é féin den tsaol.
Ar 8 / 9 Feabhra 2020, mharaigh saighdiúir de chuid an Royal Thai Army 29 duine.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ollsléacht Nong Bua Lamphu, 2022, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.