Is sraith tonnta é súnámaí (nó tonn taoide) a chruthaítear nuair a easáitítear uisce i loch nó san fharraige go tobann ar scála ollmhór.
Is féidir le creathanna talún, sciorradh talún, brúchtadh bolcáin agus bualadh dreigíte móire súnámaí a chruthú.
Tagann an téarma Súnámaí ón tSeapáinis, a chiallaíonn cuan ("tsu", 津) agus tonn ("nami", 波 nó 浪). Úsáidtear an focal céanna don uimhir uatha is iolra as Seapáinis. Rinneadh léirscrios agus cailleadh na mílte daoine i dteagmhais mar seo thar na blianta timpeall an Aigéin Chiúin go háirithe.
Ar an 5 Samhain gach bliain, ceiliúrtar an Lá Domhanda Feasachta ar Shúnámaithe (lá a tharla an “Inamura - no-hi”, in oileánHonshu na Seapáine ar an 5 Samhain 1854).
Eolaíocht
Tarlaíonn muirbhrúcht nó súnámaí, tonn sa bhfarraige le tréimhse fhada de bharr gluaiseachtaí móra an ghrinnill de thoradh crith talún, brúchtadh pléascach bolcáin, nó maidhm talún faoin bhfarraige.
Is féidir le súnáimí taisteal sa bhfarraige oscailte suas le 800 km u·1 agus cladaí a bhualadh le fórsa millteach, arís is arís eile le gach buaic toinne. Is féidir go mbeidh buaic 30 m ag a leithéid.
1531: bhuail crith talún agus súnámaí Liospóin, sa Phortaingéil. Maraíodh thart ar 30,000 duine.
7 Meitheamh 1692. Scrios crith talún agus súnámaí Port Royal in Iamáice. Maraíodh 2,000 duine; gortaíodh breis is 2,000.
26 Eanáir1700. Bhuail Crith Talún Cascadia, ceann de na creatheanna talún ba mhó dár taifeadadh ariamh, an Crios Foduchtaithe Cascadia amach ó chósta thiar Mheiriceá Thuaidh ó Oileán Vancouver go California. Mhair an crith talún i dtraidisiún béil na mbundúchasach Meiriceánach. Tá an súnámaí taifeadta i annalacha na Seapáine freisin.
1883. Sliabh Krakatoa. Bhí brúchtadh ollmhór tubaisteach ann. Chuir an brúchtadh tús le tonnta fathachúla farraige, 30 m ar airde, a mharaigh níos mó ná 36,000 duine.
15 Meitheamh1896. Sa tSeapáin cailleadh 27,000 i gcrith talún Sanriku agus san súnámaí a tháinig ina dhiaidh.
26 Nollaig2004. Tharla súnámaí ollmhór san Áise Theas. Bualadh Srí Lanca, an Téalainn agus réigiún Banda Aceh na hIndinéise go dona. Tharla crith talún timpeall 9 ar scála Richter (níos fuinniúla ná aon chrith talún sa réigiún le 40 bliain nó mar sin) agus a airmheán ar an taobh thiar thuaidh d'oileán Sumatra na hIndinéise. Ghluais an crith an grinneall roinnt méadar agus dhíláithrigh na céadta ciliméadar ciúbach uisce. Leath an súnámaí amach i ngach treo san Aigéan Indiach agus bhuail cladaí ar thaobh na hÁise gan rabhadh, ag réabadh na gcóstaí i Maenmar (Burma), an Téalainn, an Mhalaeisia, Oileáin Mhaildíve, is na hOileáin Shéiseileacha. Rinne sé an rud céanna le cósta thoir na hlndia, Srí Lanca, an Bhanglaidéis agus cóstaí na Somáile, na Céinia is na Tansáine in oirthear na hAfraice. Cailleadh na céadta bailte is sráidbhailte. Meastar gur maraíodh thart ar 300,000 duine.
12 Márta2011. Tharla súnámaí millteach ar chósta thiar thuaidh na Seapáine i 2011 a rinne scrios ar limistéar ollmhór agus a chuir tús le tubaiste núicléach do na himoibreoirí Daiichi i Fukushima, an tubaiste núicléach is measa riamh. Ní dóigh go ndearna an crith talún sin ró-dhochar do na himoibreoirí, ach lean súnámaí uafásach é agus milleadh an-chuid de chórais rialaithe na n-imoibreoirí. Ní hamháin sin, ach bháigh an súnámaí limistéar leathan tíre, cathracha, bailte agus feirmeacha. Cailleadh níos mó ná 19,000 duine sna tuilte, milleadh níos mó ná 80,000 teach, agus bhí ar 400,000 duine teitheadh as an gceantar.
Tagairtí
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Súnámaí, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses. ®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.