Tharla crith talún ollmhór amuigh ó chósta chontaetha Fukushima, Miyagi, agus Iwate na Seapáine - cuid den réigiún Tohoku - ar an 11 Márta 2011 a chuir súnámaí i dtreo an cheantair, tubaiste a mharaigh b'fhéidir 22,000, a rinne scrios ar an áit, agus a chúisigh teip agus pléascadh sa stáisiún núicléach i Fukushima.
| |||||
Cineál | megathrust earthquake (en) súnámaí off Sanriku earthquake (en) multi-segment earthquake (en) | ||||
---|---|---|---|---|---|
Dáta na bliana | 11 Márta 2011 (14:46:18. Am Caighdeánach na Seapáine) | ||||
Fad ama | 160 s | ||||
Suíomh | North Pacific Ocean (en) | ||||
Tír | an tSeapáin | ||||
Cúis | mechanism of the 2011 Tōhoku earthquake and tsunami (en) | ||||
Ba chúis leis | Aftermath of the 2011 Tōhoku earthquake and tsunami (en) tubaiste núicléach Fukushima | ||||
Méadaíocht crith talún (Scála Móimint) | 9.1 | ||||
Méadaíocht crith talún (Scála Richter) | 9 | ||||
Scála déine Mercalli | Mercalli scale IX (en) | ||||
Doimhneacht ingearach | 32 km 24 km (folár) | ||||
Aftershocks (en) | 13,386 (6 Márta 2018) | ||||
Líon básanna | 19,759 (8 Eanáir 2016) | ||||
Líon gortaithe | 6,242 | ||||
Líon ar iarraidh | 2,553 | ||||
Damáistithe | 280,926 foirgneamh (9 Márta 2018) | ||||
Costas damáiste | Aftermath of the 2011 Tōhoku earthquake and tsunami (en) : 16,900,000 M¥ tubaiste núicléach Fukushima: 21,500,000 M¥ | ||||
Scriosta | 121,778 foirgneamh (9 Márta 2018) | ||||
Tharla an crith talún is mó riamh sa ,tSeapáin, 9.0–9.1 (Mw), ar an 11 Márta i Tōhoku (東北地方太平洋沖地震, Tōhoku-chihō Taiheiyō Oki Jishin). Bhí sé faoi ghrinneall an aigéin timpeall 25km amach ón gcósta. Bháigh an súnámaí limistéar leathan tíre, cathracha, bailte agus feirmeacha. Bhí go leor fágtha gan dídean. Bhí na milliúin eile gan chumhacht aibhléise ná uisce.
Ní dóigh go ndearna an crith talún sin ró-dhochar do na himoibreoirí i Fukushima, ach milleadh an-chuid de chórais rialaithe na n-imoibreoirí nuair a bhuail súnámaí an stáisiún cumhachta núicléach.
Sa bhliain 2016, le boradh a chur faoin turasóireacht sa cheantar, d’íoc rialtais áitiúla ó Tohoku táille le Niantic le Pokémon cumhachtach darb ainm Lapras a chur ar fáil sa réigiún.
Leanann Rialtas na Seapáine orthu ag coinneáil limistéir leithlisithe gar do shuíomh Stáisiún Núicléach Fukushima Daiichi (in 2024). Is féidir pionós a ghearradh ar dhaoine a théann isteach sna limistéir seo go mídhleathach.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Crith talún Tohoku agus súnámaí, 2011, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.