Ceannaire ar Raidió na Gaeltachta, príomhfheidhmeannach ar Ghael Linn agus scríbhneoir ba ea Brian Mac Aongusa ( - 24 Márta 2023).
Beathaisnéis | |
---|---|
Bás | 24 Márta 2023 An Charraig Dhubh, Éire |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath Coláiste Mhuire |
Gníomhaíocht | |
Gairm | craoltóir, scríbhneoir |
Teangacha | An Ghaeilge agus Béarla |
D'fhás Mac Aongusa suas i gCarraig Dhubh, BAC agus d'fhreastail sé ar Choláiste Mhuire agus COBÁC. Thosaigh sé ag obair leis an Roinn Airgeadais.
Bhí Mac Aongusa ina bhall den choiste a bhunaigh Raidió na Gaeltachta in 1972, agus ina Cheannaire ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ó Mheitheamh 1978 go dtí Deireadh Fómhair 1980. D'fhorbair sé sceideal na maidine go mór agus gur chuir sé béim ar leith ar chraoltaí seachtracha beo.
Bhí sé seal ina cheannasaí ar Raidió a hAon RTÉ.
I mí Iúil 1988 a ceapadh ina phríomhfheidhmeannach ar Ghael Linn é agus d’éirigh sé as i 1996 ach d’fhan sé ar fho-choiste Bharra an Teampaill chun an plean forbartha a chur i gcrích.
Bhí sí ina chathaoirleach ar an gcoiste comhairleach a raibh bunú Theilifís na Gaeilge i 1995 mar chúram air.
D'éirigh sé as Ghael Linn le luí isteach ar a thaighde ar stair na n-iarnród. Saineolaí mór le rá ar chúrsaí iarnróid ab ea é agus tháinig a leabhar The Harcourt Street Line amach in 2004. Foilsíodh leabhar eile, Traenacha in Éirinn, in 2014.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Brian Mac Aongusa, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.