Comórtas sacair idirnáisiúnta is ea Corn Sacair an Domhain (nó Corn FIFA an Domhain).
Eagraíonn FIFA an comórtas gach ceithre bliana agus bíonn seans ag gach foireann sacair idirnáisiúnta a bheith páirteach. Bhuaigh an Fhrainc Corn an Domhain sa bhliain 2018, agus beidh an chéad cheann eile ar siúl i gCatar sa bhliain 2022.
Tosaíonn an corn leis an gcomórtas cáiliúcháin, ina imríonn na foirne i gcoinne a chéile agus téann na buaiteoirí isteach sna cluichí ceannais. Ní bhíonn ach dhá fhoireann is tríocha sna cluichí ceannais, agus mar sin is luachmhar an duais é. Téann an fhoireann óstach agus na curaidh go díreach isteach sna cluichí ceannais. Cuirtear na foirne eile isteach i ngrúpaí beaga, agus leanann an dá fhoireann is fearr ar aghaidh. Ansin, is iomaíocht díbeartha í go dtí an cluiche ceannais.
As an aon comórtas is fiche a imríodh go dtí seo, tá an corn buaite ag ocht náisiún. Tá cúig bhua ag an Bhrasaíl, níos mó ná aon fhoireann eile, agus is iad an fhoireann amháin chun páirt a ghlacadh i ngach comórtas. Tá ceithre chorn buaite ag an Iodáil agus an Ghearmáin. Tá dhá bhua ag Uragua, an Airgintín agus an Fhrainc, agus tá ceann amháin ag Sasana agus an Spáinn. Is iad an Fhrainc curaidh an domhain faoi láthair.
Is síol a bhaineann le spórt é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Corn Sacair an Domhain, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.