Ar 9 Nollaig 2022, tháinig scannal caimiléireachta agus éilliú polaitiúil i bParlaimint na hEorpa chun solais; ghabh na póilíní sa Bheilg agu san Iodáil roinnt daoine, ina measc an feisire Gréagach Eva Kaili agus a buachaill (Francesco Giorgi), agus an iar-fheisire Iodálach, Antonio Panzeri, agus líomhaintí faoi éillitheacht i bParlaimint na hEorpa á bhfiosrú acu.
Cineál | scannal polaitiúil corruption scandal (en) |
---|---|
Ainmnithe in ómós | Catar |
Dáta na bliana | 9 Nollaig 2022 |
Tír | Aontas Eorpach, an Iodáil agus an Bheilg |
Rannpháirtí | |
Líon na ngabhálacha | |
Tugadh 'Qatargate' ar an scannal ar dtús. Ach rinne tíortha eile, is cosúil, iarrachtaí ar fheisirí a éilliú, seachas an Chatar. Bhain an scéal ar dtús le tuairiscí gur thug Stát Chatar breabanna do dhaoine áirithe - idir airgead agus bhronntanais - le súil go ndéanfadh na daoine sin stocaireacht ar son Chatar i bhforais an Aontais Eorpaigh.
Thug Eva Kaili cuairt ar Chatar go gairid sular cuireadh tús le Corn Sacair an Domhain sa tír sin i mí na Samhna 2022. Fad is a bhí sí ann, mhol sí údaráis na tíre faoina raibh déanta acu ar son cearta oibrithe. Tháinig an moladh céanna uaithi go minic agus í ag labhairt i bParlaimint na hEorpa.
D'admhaigh buachaill Kaili, Francesco Giorgi. go bhfuair sé slám mór airgid ó Panzeri Agus bhí lear mór airgid ag athair Kaili san ostán Sofitel sa Bhruiséil nuair a gabhadh é, rud a tharraing amhras air. Ach bhí sé ráite ag dlíodóir Eva Kaili nach bhfuil agus nach raibh aon bhaint ag a chliant le caimiléireacht.
Mhéadaigh ar an imní go raibh an t-éilliú i réim fud fad an chórais.
Vótáil formhór mór na bhfeisirí i bParlaimint na hEorpa ar son rúin an feisire Kaili a chur as a post mar leasuachtarán na parlaiminte i bhfianaise líomhaintí faoi chaimiléireacht a bheith curtha ina leith. (625 feisire a vótáil ar son an rúin, vótáil duine ina aghaidh agus staon beirt eile).
Gheall uachtarán Pharlaimint na hEorpa Roberta Metsola fiosrúchán inmheánach ina thaobh a bhunú. Mhaígh sí gur chreid sí go raibh uisce faoi thalamh á dhéanamh agus go rabhthas ag iarraidh an bonn a bhaint den Aontas Eorpach.
Tá sé tugtha le fios ag bean an phobail (Ombudsman) an Aontais Eorpaigh Emily O'Reilly go léiríonn na líomhaintí faoi éillitheacht gur mithid córas eitice an Aontais a leasú ó bhonn.
Rinne uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Ursula Von der Leyen, moladh in 2019 eagraíocht neamhspleách eitice a bhunú san Aontas Eorpach. Ach bhí fíorbheagán déanta ina thaobh ó shin.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Scannal caimiléireachta i bParlaimint na hEorpa, 2022, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.