Tugtar abhacphláinéad ar rinn neimhe a shásaíonn na coinníollacha seo thíos:
Tugadh an téarma "abhacphláinéad" isteach sa bhliain 2006. Bhítí tar éis teacht ar astaróidigh mhóra a bhí ar aon mhéid le Plútón, nó níos mó ná é fós, sna réigiúin den spás atá taobh thiar de Neiptiún (Crios Kuiper agus Scamall Oort), agus bhí gá le haicmiú nua.
Bhí an rinn spéire bheag fhuar oighir Plútón luaite mar phláinéad ó d'fhionn Clyde Tombaugh é i 1930. Ach de bhrí gur fionnadh reanna spéire eile cosúil leis níos faide amach sa ghrianchóras, íslíodh ina abhacphláinéad é i 2006 ag an Aontas Idirnáisiúnta Réalteolaíochta.
Inniu, glactar leis go bhfuil cúig abhacphláinéad ann, mar atá, Ceiréas, Plútón, Makemake, Haumea, agus Eris. Réadanna tras-Neiptiúnacha iad Plútón agus Eris, ach tá Ceiréas ag fithisiú na Gréine i gcrios na n-astaróideach idir Mars agus Iúpatar.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Abhacphláinéad, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.