Ealaíontóir ba ea Pauline Bewick (4 Meán Fómhair 1935 i Northumberland – 28 Iúil 2022 i gCo Chiarraí).
Thug pobal leathan daoine i gcéin is i gcóngar taitneamh dá saothar ildaite álainn.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | 1935 |
Bás | 2022 86/87 bliana d'aois |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | An Coláiste Náisiúnta Ealaíne is Deartha |
Gníomhaíocht | |
Gairm | péintéir |
Ball de | |
Teangacha | Béarla |
Suíomh gréasáin | paulinebewick.ie |
Chuir Bewickspéis ar leith i léaráidí agus íomhánna de mhná agus gnéithe den nádúr, bláthanna, éanlaith agus ainmhithe.
Bhí rian láidir an dúlra ar go leor de na saothair a thagann ó stiúideo Bhewick. Chuir sí spéis mhór i scéalta miotaseolaíochta na hÉireann agus tharraing íomhánna dá réir.
Cé gur saolaíodh i Sasana í, is in Éirinn a chaith Bewick formhór a saoil, nuair a thug a máthair anall í agus í an-óg. Spreag múinteoir í tabhairt fé phictiúirí a tharrac agus a dhathú, mar gur measadh go raibh sí disléicseach.
Bhí tréimhse taistil ag Pauline agus í ag fás aníos - bhog sí féin agus a máthair ó Chiarraí go Tír Chonaill go Baile Átha Cliath agus go háiteanna eile i Sasana. Agus í fásta suas, thaistil sí chuig an Iodáil agus an Ghréig, agus chaith sí dhá bhliain ar na hoileáin sa Mhuir Theas: Tahiti, Aitutaki agus a leithéid.
I nGleann Chárthaigh i gCiarraí láir a lonnaigh sí formhór a saoil.
Buail ailse í agus d'éag 28 Iúil 2022. D’fhág sí mórchuid dá saothar le huacht ag muintir na hÉireann. D’fhág sí mórchuid dá saothar le huacht ag muintir na hÉireann.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Pauline Bewick, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.