An Aoine

Is í an Aoine lá na seachtaine idir an Déardaoin agus an Satharn.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí ImeachtAn Aoine
Íomhá
CineálLaethanta na seachtaine Cuir in eagar ar Wikidata
Ainmnithe in ómósFroig (bandia), Véineas, 5, 6 agus Miotal Cuir in eagar ar Wikidata
Cuid deseachtain Cuir in eagar ar Wikidata
Haischlib#FridayFeeling agus #FridayMotivation Cuir in eagar ar Wikidata

Reiligiún

An Aoine 
Paidreacha, De hAoine, Mosc Badshahi, Lahore

I gCríostaíocht, is í Aoine an Chéasta an Aoine roimh Cháisc.

In Ioslam, is í an Aoine lá adhartha. I dtíortha áirithe Ioslamacha, tosaíonn an seachtain Dé Domhnaigh agus críochnaíonn sé Dé Sathairn, agus i dtíortha Ioslamacha eile, tosaíonn an seachtain Dé Sathairn agus críochnaíonn sé Dé hAoine, mar shampla an Iaráin agus an Afganastáin.

Ritheann an sabóid sa Ghiúdachas ó luí gréine Dé hAoine go dtí luí gréine Dé Sathairn.

Siopadóireacht

Téann muintir Stáit Aontaithe Mheiriceá i mbun siopadóireachta go fonnmhar ar "Aoine Dhubh", tar éis Lá an Altaithe, sa tóir ar shladmhargaí. Ó na 2000idí ar aghaidh, tá "Aoine Dhubh" in Éirinn. Go minic 'séard atá á dhéanamh ag na siopaí ná 40% a bhaint den phraghas a bhí ar an táirge ag tús na bliana, seachas ar an bpraghas a bhí air an tseachtain seo caite. Mar sin, bíonn an chuma ar an scéal go bhfuil lascaine níos fearr ar fáil. Cuireann sé comhairle ar dhaoine comparáid a dhéanamh idir na praghsanna a ghearanna siopaí éagsúla ar an táirge céanna.

An Aoine 
Cnoc na hAoine (Knocknaheeny).

Nósanna

  • I gcultúir áirithe, is mí-adhúil í an Aoine, go háirithe Dé hAoine an 13ú lá agus go mór mór i gciorcail muirí. I scéal oiread (bréagach), tógadh long Cabhlach, an "HMS Friday" Dé hAoine, cuireadh an long chun mhuir Dé hAoine, agus d'imigh sí gan tásc ná tuairisc.
An Aoine 
TGIF, Óstán Taft, Cearnóg Times, Nua-Eabhrac
  • Is í an Aoine an lá deireanach roimh an deireadh seachtaine, agus mar sin, is cúis í a chomóradh. Sin as ar tháinig an nath 'T.G.I.F.' (Béarla ar 'Buíochas le Dia go bhfuil sé Dé hAoine'). Bhíothas ag caint faoi sna scannáin ó na seachtóidí. Is as sin freisin ar tógadh ainm an bialann 'T.G.I. Friday's'.
  • In oifigí áirithe, tá cead ag fostaithe éadaí neamhfhoirmiúil a chaitheamh De hAoine.

Stair

Tharla cúpla tubaistí stairiúla Dé hAoine. Tugtar "Aoine Dubh" orthu.

Naisc sheachtracha

Tagairtí

Tags:

An Aoine ReiligiúnAn Aoine SiopadóireachtAn Aoine NósannaAn Aoine StairAn Aoine Naisc sheachtrachaAn Aoine TagairtíAn AoineAn SatharnDéardaoinSeachtain

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

TeicneolaíochtMiotalCoirbéaladhForbairt inbhuanaitheGreta ThunbergEugène LantiLuka ModrićEasCladachRobert Smith2020Hakainde HichilemaAerachAiteachGaelachCaisleán na DeirgeTumoideachasAthnuachanAn RómáinisNaoi (fáidh)Marie Antoinette na hOstaireOla MajekodunmiSnow White and the Seven Dwarfs (scannán 1937)SolasMuireCorda an dromlaighAn tSean-Ghaeilge2016Dùn ÈideannCumarsáidRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireannInterstellarRoald DahlRaidianCeoldrámaOllphandaSraithchomórtas Iomána NáisiúntaLíonra ríomhaireachtaGaoth DobhairAn PhortaingéilConstance Gore-Booth MarkiewiczSláinteEolaíocht shláinteCeol traidisiúnta na hÉireannNiaibiamPlátaGarry KasparovAn Drúcht Geal Ceo (The Foggy Dew)PáipéarGnóThe Saturdays1875Baile a’ Mhuilinn, Ros an EarAn Ghaeilge i dTuaisceart ÉireannPornhub1910An IodáilUnicodeAudrey HepburnLeigheasSeve BallesterosTeach na dTeachtaí, An Ríocht AontaitheTomás de BhaldraitheAbraham LincolnJavaMike PenceMólBásFón clisteAilbhe Ní GhearbhuighBaile Átha CliathAeróg (leictreonaic)Enda KennyEalaín Fheidhmeach🡆 More