Is eagraíocht armtha mhídhleathach é Euskadi ta Askatasuna (as Gaeilge, Tír na mBascach agus Saoirse), a bhfuil aithne níos fearr uirthi mar ETA.
D'úsáid an bhallraíocht modhanna foréigin cosúil le dúnmharú, fuadach, sracadh agus foréigean sráide chun a chuspóirí a ghnóthú — bunú stát neamhspleách don mhuintir Bhascach i dtuaisceart na Spáinne agus iardheisceart na Fraince.
Idir 1960 agus 2010, fuair timpeall 1114 duine bás san iomlán, agus b'fhéidir 486 sna forsaí slándála nó sa rialtas. san áireamh sin.
Tá nuachtán ann "Gara" (www.gara.net), atá ceangailte go dlúth le Batasuna (páirtí mídhleathach a bhfuil baint aige le hETA)
Dhírigh ETA a gcuid buamaí de ghnáth ar phóilíní agus ar bhaill den Guardia Civil (macasamhail an Gharda Síochána in Éirinn).
Ar an 20 Nollaig 1973, feallmharaíodh Luis Carrero Blanco, faisisteach, agus príomh-aire na Spáinne. Chuir ETA buama ollmhór faoin mbóthar, 80 cileagram dinimíte a bhí ann. D'imigh an réimeas faisisteach le sruth ina dhiaidh a bháis. Bhí Francisco Franco féin ag dul in aois ag an am.
Tháinig athrú suntasach ar shaol polaitiúil na Spáinne i ndiaidh an olltoghcháin a bhí ann ar an 14 Márta 2004, trí lá i ndiaidh uafáis an 11 Mártaː Buamáil na dtraenacha i Maidrid.
Ar an lá céanna, d’ordaigh Ana Palacio, Aire Gnóthaí Eachtracha na Spáinne, do gach ambasadóir Spáinneach gach deis a thapú chun an teachtaireacht a chur trasna gurbh iad ETA a bhí ciontach as an sléacht. Fiú ghlac 1530 Rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe gurb é ETA a bhí freagrach as an sléacht.
Ach oíche roimh an olltoghchán, ghlac rialtas an Partido Popular (ar an eite dheis) leis an bhféidearthacht nach raibh ETA, ach sceimhlitheoirí Ioslamacha, ciontach as an ár, rud a raibh na meáin chumarsáide eachtrannacha cinnte dearfach de an lá roimhe sin. Bhí an chuid is mó de mhuintir na Spáinne bréan de bhréaga an Partido Popular agus bhí léirsithe spontáineacha os comhair phríomhoifig an Partido Popular i Maidrid agus i gcathracha eile. Is é an mana a bhí le cloisteáil ná "queremos la verdad antes de votar": “táimid ag iarraidh na fírinne sula gcaithimid ár vótaí”. Bhí bua ollmhór ag an Partido Socialista san olltoghchán an lá dár gcionn.
Ritheadh bille thar a bheith conspóideach a dtugtar "Plean Ibarretxe" air (is é José Luis Ibarretxe lehendakari, nó Príomh-Aire, na mBascach) sa pharlaimint réigiúnach Bhascach ag deireadh mhí na Nollag 2004. Ba é cuspóir an bhille seo leasú a dhéanamh ar an reacht féinrialach Bascach chun Saorstát Bascach a bhunú a bheadh ceangailte le Stát na Spáinne.
D'fhógair ETA sos cogaidh ar an 24 Márta 2006, tar éis 817 duine a mharú le linn a bhfeachtais. Ach ghlac ETA le pléascadh buama in aerfort Mhaidrid, Barajas, ar an 30 Nollaig 2006 inar maraíodh beirt, tar éis don rialtas Spáinneach buaileadh leo go rúnda le linn na míosa sin.
Tháinig sos cogaidh buan i bhfeidm.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article ETA, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.