Tamhlacht: Baile i gContae Bhaile Átha Cliath

Is baile mór é Tamhlacht (Béarla: Tallaght ) i gContae Átha Cliath Theas, agus é ar an tríú baile mór is mó i bPoblacht na hÉireann tar éis Bhaile Átha Cliath agus Chorcaí.

Roimh an mbliain 1970 ní raibh ach cúpla céad duine ina gcónaí ann, agus ba é an dearcadh a bhí ag muintir chathair Bhaile Átha Cliath gur ceantar tuaithe a bhí ann. Tógadh a lán tithe nua ann le linn na seachtóidí, áfach, agus d'fhás an baile go tapa uaidh sin amach. Is ann atá Ospidéal Thamhlachta lonnaithe. Tá Club Peile agus Iománaíochta Thomáis Dáibhís ar na clubanna is sine i dTamhlacht.

Bosca Geografaíocht PholaitiúilTamhlacht
Tamhlacht: Sanasaíocht, Stair an bhaile, Gaelphobal Thamhlachta
Cuir in eagar ar Wikidata

Suíomh
 53°17′19″N 6°21′26″W / 53.2886°N 6.3572°W / 53.2886; -6.3572
Stát ceannasachÉire
Cúige ÉireannachCúige Laighean
Contae riaracháin áitiúilContae Átha Cliath Theas Cuir in eagar ar Wikidata
Príomhchathair de
Tíreolaíocht
Airde90 m Cuir in eagar ar Wikidata
Aitheantóir tuairisciúil
Lonnaithe i gcrios ama
Eile

Logainm.ie17457
Suíomh gréasáintallaghtcity.ie Cuir in eagar ar Wikidata
Tamhlacht: Sanasaíocht, Stair an bhaile, Gaelphobal Thamhlachta
Tamhlacht in 2017
Tamhlacht: Sanasaíocht, Stair an bhaile, Gaelphobal Thamhlachta
Comhartha ag Stásiún Luas Tamhlachta

Sanasaíocht

Tamhlacht: Sanasaíocht, Stair an bhaile, Gaelphobal Thamhlachta 
Halla an Chontae, Comhairle Contae Átha Cliath Theas, Tamhlacht
Tamhlacht: Sanasaíocht, Stair an bhaile, Gaelphobal Thamhlachta 
Leabharlann an Chontae, Tamhlacht
Tamhlacht: Sanasaíocht, Stair an bhaile, Gaelphobal Thamhlachta 
Ospidéal Thamhlachta
Tamhlacht: Sanasaíocht, Stair an bhaile, Gaelphobal Thamhlachta 
Ionad Ealaíne Rua Red
Tamhlacht: Sanasaíocht, Stair an bhaile, Gaelphobal Thamhlachta 
Staid Thamhlachta, staid bhaile Ruagairí na Seamróige

Ainmneacha Stairiúla den Cheantar (le foinsí)

Tagann an logainm Tamhlacht ó na focail támh (plá) agus leacht (láthair adhlactha). I gcuntas ar Pharthalón in Annála na gCeithre Máistrí atá an chéad trácht ar an logainm le fáil. Deirtear go raibh Parthalón ar dhuine de na chéad ionróirí a tháinig go dtí Éire agus go bhfuair Parthalón féin agus 9,000 duine dá lucht leanúna bás den phlá. Tugadh "Taimleach Muintire Parthalon" ar an gceantar inar cuireadh iad ó shin i leith. In ainneoin na bhfinscéalta áfach, níl fianaise le holladhlacadh faighte i dTamhlacht go fóill.

  • Taimhleacht Muintire Parthaloin (ar Sean Mhagh Ealta Edair) – AM2820?
  • Tamlactense (Monasterium) -769?
  • Tamlact – 769?
  • Taulaght (Lawrance de) – 1190
  • Tamelag (royal grant - Bailiffs) – 1310
  • Talaute (An tArdeaspag William Rokeby) – 1514
  • Tallaght (An tArdeaspag George Brown) – 1535
  • Talaught (Edward Basnet, Déan St. Patricks) – 1547
  • Tavelaght (An Biocáire Simon Water) – 1548
  • Tawlaght (Pardon to George Brown, Ardeaspag agus eile) – 1550
  • Tallogh (Petty’s map of County Dublin) – 1685
  • Tallaugh (an tArdeaspag William King,) – 1708
  • Tallow (Rev. Mr. Jones, Minister) – 1740
  • Tallaght (Tuairisc eaglasta) – 1807
  • Tamhlacht (an logainm Nua-Ghaeilge)

Stair an bhaile

  • 769 Bunaíodh Mainistir Máel Ruain
  • 792 Bás Naomh Máel Ruain
  • 811 Scrios na Lochlannaigh Mainistir Naomh Máel Ruain
  • 1179 Tógadh Tamhlacht agus an ceantar máguaird isteach faoi Chathaoir Easpaig Bhaile Átha Cliath.
  • 1310 Ghlac an rialtas le muintir Thamhlachta fál a chuir timpeall an bhaile
  • 1324 Cuireadh tús le tógáil Chaisleán Thamhlachta.
  • 1331/1332 Scrios Ó Tuathail Caisleán Thamhlachta.
  • 1378 Tháinig Maitiú Mac Réamann De Bermingham go Tamhlacht le cur i gcoinne Chlann Uí Bhriain.
  • 1540 D'ionsaigh na Tuathalaigh an ceantar agus scrios siad Caisleán Thamhlachta agus na mainéir ina thimpeall.
  • 1635 Tógadh Teach an tSean Bhádún.
  • 1729 Leagadh Caisleáin Thamhlachta.
  • 1729 Thóg an tArdeaspag Hoadley Pálás an Ardeaspaig.
  • 1822 Leag Maor Palmer Pálás an Ardeaspaig agus thóg sé Teach Thamhlachta amach.
  • 1829 Tógadh Paróiste Protastúnach ann.
  • 1856 Díoladh Teach Thamhlachta don Ord Doiminiceach.
  • 1864 Tógadh Séipéal Naomh Muire.
  • 1867 Cogadh Thamhlachta. Ar an 5 Márta 1867 thosaigh Éirí Amach na bhFíníní in Éirinn, le cogadh beag i dTamhlacht. Maraíodh 12 ar an lá sin in iomlán. Cé gur theip go hainnis ar a n-iarrachtaí, is fiú trácht a dhéanamh ar fhorógra an éirí amach.
  • 1883 Tógadh séipéal nua sa bhaile.
  • 1888 Cuireadh tús le seirbhís tram ó Bhaile Átha Cliath go Baile Coimín, ag dul tríd Sráidbhaile Thamhlachta
  • 1888 Bunaíodh CLG Tomás Dáibhís sa bhaile .
  • 1979 Osclaíodh an chéad bunscoil lán Ghaeilge, Scoil Santain
  • 1985 Osclaíodh an dara bunscoil lán Ghaeilge, Scoil Chaitlín Maude in Iarthar Thamhlachta
  • 1987 Rinne Alan Dukes cuir síos ar an Straitéis Thamhlachta i dTamhlacht.
  • 1990 Osclaíodh an lárionad siopadóireachta An Chearnóg.
  • 1992 Osclaíodh Institiúid Teicneolaíochta Tamhlachta, coláiste tríú leibhéal.
  • 1993 Osclaíodh an chéad mheánscoil lán Ghaeilge, Coláiste de hÍde.
  • 1994 Cruthaíodh Comhairle Contae Átha Cliath Theas le ceanncheathrú i dTamhlacht.
  • 1995 Tógadh Amharclann Thamhlachta i gCill na Manach, Tamhlacht.
  • 1999 D'oscail an Amharclann Chathartha in aice le ceanncheathrú Chomhairle Chontae Átha Cliath Theas i dTamhlacht.
  • 2004 Cuireadh tús leis an Líne Dearg don LUAS ó Tamhlacht go lár chathair Bhaile Átha Cliath.
  • 2019 Osclaíodh an caifé lán Ghaeilge 'Aon Scéal?', suite ag 518 Sráidbhaile Thamhlachta, don phobal, mar chuid den Lárionad Ghaeilge Thamhlachta.

Gaelphobal Thamhlachta

Bunaíodh Cumann Gaelach Thamhlachta i 1974, mar chraobh de Chonradh na Gaeilge le grúpa Gaeilgeoirí a bhí mar chuspóir acu an Ghaeilge a chur chun cinn i gceantar Thamhlachta agus Gaelphobal a fhorbairt go fadtéarmach. D’éirigh thar barr leis an ngluaiseacht seo.

Stiúir roinnt prionsabal leathan ó thosaigh an Cumann. Seo iad a leanas;

·        Go raibh an gnáthdhuine báúil don teanga is dá mbeadh an deis aige/aici, thabharfadh sé/sí tacaíocht ghníomhach don ghluaiseacht teangan.

·        Go bhféadfaí an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga a bheadh á labhairt go forleathain agus daoine ag glacadh léi.

·        Go raibh nasc díreach idir an obair ag an leibhéal áitiúil agus an leibhéal náisiúnta is dá bharr sin gur chóir nasc a bheith ann idir an eagraíocht áitiúil agus an eagraíocht náisiúnta a bhí ag obair chun an teanga a chur chun cinn.

·        Gurbh í an scoil lán Ghaeilge an bealach is fearr chun a chinntiú go mbeadh sé ar chumas an chéad ghlúin eile an Ghaeilge a labhairt agus deis a thabhairt don ghluaiseacht Phobal na Gaeilge a thógáil  a bheadh bunaithe timpeall na na ngaelscoileanna.  D’fhéachfaí ar an scoil mar chuid lárnach do fhíor riachtanais an phobail.

An t-éacht ba mhó a rinne an Cumann ná meán- agus bunscolaíocht trí Ghaeilge a chur ar fail don cheantar. Bunaíodh an chéad scoil, Scoil Santain i 1979. Bunaíodh an dara scoil, Scoil Chaitlín Maude i 1985 chun freastal ar Iarthar Thamhlachta. I 1993 bunaíodh meánscoil lán Ghaelach, Coláiste de hÍde.

Sa lá atá inniu ann tá an cumann ag feidhmiú faoin ainm nua Gaelphobal Thamhlachta. Bíonn go leor imeachtaí agus gníomhaíochtaí ar siúl le freastal ar phobal na Gaeilge sa cheantar. Ina measc bíonn

  • Ciorcal chomhrá gach seachtain ar a 8 i gCafé Aon Scéal, 518 Sráidbhaile Thamhlachta, le ceachtanna saor in aisce d'fhoghlaimeoirí.
  • Glactar páirt sa rás sealaíochta náisiúnta Rith gach ré bhliain.
  • Campaí samhraidh do pháistí.
  • Tobshluanna.
  • Oícheanta sóisialta.
  • Aifreann Gaeilge
  • Siúlóidí staire.
  • Céilithe

Bunaíodh an club óige Feachtas Thamhlachta i 2015 agus tá sé ag dul ó neart go neart ó shin i leith.

Bunaíodh Aisteoirí Thamhlachta i 2017 agus tá trí dhráma léirithe acu ó shin i leith - Éirí na Gealaí, Ar Thóir na Féinne agus Ar Chúl an Tí.

Osclaíodh an 'Café Aon Scéal' i Nollaig 2019, ag 518 Sráidbhaile Thamhlachta. Is iad na huaireanta oscailte ná 9.30 go 4.00 Luan go Aoine, 10.00-3.00 Dé Satharn agus ó 11.00 go 3.00 Dé Domhnaigh.

Mar chríoch, trí iarrachtaí Ghaelphobal Thamhlachta, tá dul chun cinn an mhór déanta i bhforbairt na Gaeilge mar theanga bheo chumarsáide i gceantar Thamhlachta. Cuireann sé go mór le saibhreas cultúrtha i gceantar ina  bhfuil ceann de na daonáirimh is mó sa tír ag maireachtáil. Tar éis nach mór caoga bliain  d’ obair chrua dhíograiseach is féidir a rá go bhfuil Gaelphobal láidir i dTamhlacht is beidh go deo!

An Ghaelscolaíocht i dTamhlacht

Chaith an file Caitlín Maude tamall maith ina cónaí i dTamhlacht, agus ghlac sí páirt san fheachtas leis an gcéad Gaelscoil|Ghaelscoil a bhunú sa cheantar - Scoil Santain. Tháinig an scoil seo ar an bhfód sa bhliain 1979. Dhá bhliain ina dhiaidh sin, fuair Caitlín Maude bás. Sa bhliain 1985, bunaíodh Gaelscoil nua i dTamhlacht a fuair ainm an fhile - Scoil Chaitlín Maude. Sa bhliain 1993, bunaíodh Gaelcholáiste nua i dTamhlacht, a fuair a hainm ón chéad Uachtarán na hÉireann Dubhghlas de hÍde, duine mar is eol dúinn a bhí leathanaigeanta agus fad-dearcach agus gur bhreá leis teanga na Gaeilge, darb ainm Coláiste de hÍde.

Daoine cáiliúla

Féach freisin

Tagairtí

Tags:

Tamhlacht SanasaíochtTamhlacht Stair an bhaileTamhlacht Gaelphobal ThamhlachtaTamhlacht An Ghaelscolaíocht i dTamhlacht Daoine cáiliúlaTamhlacht Féach freisinTamhlacht TagairtíTamhlacht19701970íBaileBaile Átha CliathBéarlaCLG Tomás DáibhísCathair (lonnaíocht)Contae Átha Cliath TheasCorcaighDuineOspidéal ThamhlachtaPoblacht na hÉireannTeach

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Eolaíocht fheidhmeachMick WallaceRíocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart ÉireannTuaisceart ÉireannFótagrafaíocht mínealaíneTulach MhórAn EoraipSraith (matamaitic)Tuatha Dé DanannNicé (miotaseolaíocht)1987Fia mór na mbeannAn Spailpín FánachIdirlíonNaoiseAn ChasacstáinAnimaliaAthbheochan na Gaeilge1873Sléacht Jallianwala BaghFarraige2006George BoolegiobráltarAerloingseoireachtCaisleán Bhaile Átha CliathLeabharuimhir Chaighdeánach IdirnáisiúntaAlice KytelerArm Phoblacht na hÉireann (APÉ)Paindéim COVID-19EalaínAdamhEacnamaíochtPirimidÉire (Poblacht na hÉireann)Björn HöckeDara Cogadh DomhandaCluicheBaskin-RobbinsFutbol Club BarcelonaÉiminTeangacha CeilteachaAn ÚcráinAn RóimhAthrú aeráideThe Little Mermaid (scannán 1989)Ardchros Chill GhobáinFealsúnachtNeamhspleáigh ar son an Athraithe1961David BeckhamOileán Phrionsa ÉadbhardStáit MheiriceáÚllAn Vicipéid1941CóilisBróicéirMichael JacksonEoróComórtas Amhránaíochta na hEoraifíseCeirmeachtAiltireachtVeiniséalaTílicínJamie RaskinLyra (amhránaí)Cú ChulainnBonn (píosa miotail)ForbesTrasfhoirmeoir🡆 More