Tá an víreas Ebola (EBOV) ar ceann de na sé víreas a aithnítear sa ghéineas Ebolavirus.
Bíonn ceithre cinn de na sé víreas sin a bhfuil eolas orthu, EBOV san áireamh, freagrach as fiabhras fuilreatha trom agus marfach go minic i ndaoine agus i mamaigh eile, ar a dtugtar an galar víris Ebola (GVE).
Orthoebolavirus zairense | |
---|---|
Sonraí | |
Fionnachtaí nó aireagóir | Jean-Jacques Muyembe-Tamfum |
Galar | Ebola hemorrhagic fever (en) |
Tacsanomaíocht | |
Ríocht | Orthornavirae |
Fíleam | Negarnaviricota |
Aicme | Monjiviricetes |
Ord | Mononegavirales |
Fine | Filoviridae |
Géineas | Orthoebolavirus |
Speiceas | Orthoebolavirus zairense |
Ainmníocht | |
Ainmnithe in ómós | Ebola River (en) |
Cineál | tacsón agus tréithchineál |
---|---|
Eapainm | Ebola River (en) |
Pataigineas | |
Éifeacht | Ebola hemorrhagic fever (en) |
Acmhainní seachtracha | |
Enciclopèdia Catalana | 0247450 |
Tá EBOV freagrach as an chuid is mó de bhásanna daonna le GVE sa stair. B'in é ba chúis le heipidéim víreas Ebola na hAfraice Thiar idir 2013 agus 2016, ina mheastar gur ionfhabhtaíodh 28,638 duine ar a laghad agus go bhfuair 11,315 bás.
Víreas i bhfine na bhFiloviridae is ea EBOV. Níl aon leigheas ar na galair a tharlaíonn de bharr an víris seo ach déantar iarracht leachtanna a thabhairt don othar tríd an mbéal nó go hinfhéitheach.
Tagann galar fuilreatha ar dhuine ionfhabhtaithe, agus faigheann idir 50% agus 90% de na híobartaigh bás. Déanann sé a bhealach isteach i gcolainn duine trí sheile, fuil (trí athúsáid steallairí go minic san Afraic) nó sreabháin eile nó ó ainmhithe mar an sciathán leathair mar shampla.
Dhá nó trí sheachtain tar éis an víreas a tholgadh tagann fiabhras, pian sa scornach is sna matáin agus tinnis chinn leis. Leanann múisiam, urlacan, buinneach agus ísliú fheidhmiú an ae agus na nduán ina dhiaidh sin.
Ar dtús, is iad tinneas cinn is ardteocht siomptóim an ghalair. De réir a chéile ionfhabhtaíonn na víris an t-ae, na duáin, is na fuileadáin féin. Milleann na víris coirt inmheánach na bhfuileadán, a éiríonn póiriúil, sceitheann an fhuil amach, agus titeann na fíocháin ó chéile.
Tharla an phaindéim Ebola ba mhó san Afraic sna 2010idí, timpeall 2013-2016. . Ar an 26 Nollaig 2013, thosaigh ráig den ghalar sa Ghuine in Iarthar na hAfraice.
Ansin scaip an galar níos faide, chuig Siarra Leon, Poblacht Dhaonlathach an Chongó agus an Libéir srl. Ba é an ráig ba mhó agus ba choimpléascaí é dá raibh riamh ann ó sainaithníodh Ebola a chéaduair i 1976. Faoi dheireadh 2015 bhí an víreas nach mór díothaithe as na tíortha sin.
Thar lear bhí cás amháin sna Ríocht Aontaithe fiú. Bhí cásanna sna Stáit Aontaithe, Spáinn, sAn Nigéir agus sAn tSeineagáil. Bhí leapacha in otharlanna an Mater i mBaile Átha Cliath, sa bhliain 2014, curtha ar leataobh má tharlaíonn scaipeadh an ghalair in Éirinn.
Ar an 24 Deireadh Fómhair 2014, gheall ceannairí an Aontais Eorpaigh níos mó ná €1 billiún a thabhairt chun cuidiú cosc a chur le scaipeadh an víris Ebola san Afraic Thiar, go háirithe sa Ghuine, i Siarra Leon agus sa Libéir.
Amlíne na ráigeː
Tá an t-alt seo bunaithe ar ábhar as Fréamh an Eolais, ciclipéid eolaíochta agus teicneolaíochta leis an Ollamh Matthew Hussey, foilsithe ag Coiscéim sa bhliain 2011. Tá comhluadar na Vicipéide go mór faoi chomaoin acu beirt as ucht cead a thabhairt an t-ábhar ón leabhar a roinnt linn go léir. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ebola, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.