Matamaiticeoir agus fisicí agus innealtóir agus airegóir agus réalteolaí Gréagach ab ea Airciméidéas Shioracús (Gréigis: Ἀρχιμήδης, traslitriú: Arkhimḗdēs) (t.
287 RC – t. 212 RC). Cé nach bhfuil sonraí a shaoil an-soiléir, meastar go bhfuil sé ar dhuine de na h-eolaithe is mó sa tseaniarsma clasaiceach riamh. I measc na forbairtí a rinne sé i bhfisic ná bunú an hidreastatachas agus prionsabal an luamháin a mhíniú.
Ainm sa teanga dhúchais | (grc) Ἀρχιμήδης ὁ Συρακόσιος |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | (grc) Ἀρχιμήδης c. 287 "RCh" Sioracús ársa |
Bás | 212 "RCh" 74/75 bliana d'aois Sioracús ársa |
Siocair bháis | Dúnmharú |
Áit chónaithe | Sioracús, an tSicil |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Geoiméadracht, matamaitic, meicnic, innealtóireacht agus réalteolaíocht |
Gairm | matamaiticeoir, innealtóir comhraic, fealsamh, cumadóir, fisiceoir, réalteolaí, innealtóir |
Tréimhse ama | An Ré Heilléanaíoch |
Teangacha | An tSean-Ghréigis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Athair | Fidias |
An scéilín is cáiliúla a insítear faoi Airciméidéas ná an lá a chum sé modh nua chun rud le cruth neamhrialta a thomais. Léim sé amach as an bhfolcadh ina raibh sé suite, agus rith sé amach lomnocht ar an tsráid ag scairteadh "Iúiríce!" (Gréigis: "εύρηκα!"), "Tá sé faighte agam!").
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Airciméidéas, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.