An Ré Heilléanaíoch

Is éard atá i gceist leis an Ré Heilléanaíoch ná an tréimhse ó bhás Alastair Mhóir sa bhliain 323 roimh Chríost go tús na Ré Rómhánaí, is é sin, cath Actium sa bhliain 31 roimh Chríost chomh maith leis an ngabháltas a rinne na Rómhánaigh ar an Éigipt, a bhí á rialú ag rítheaghlach na dTolamaesach san am.

An tréimhse i stair na Gréige roimh an Ré Heilléanaíoch is í tréimhse na Gréige Clasaicí í, agus is í an Ghréig Rómhánach a tháinig i ndiaidh na Ré Heilléanaíche. Tá an focal sin Heilléanaíoch fréamhaithe as ainm na Gréige sa tSean-Ghréigis, mar atá, Hellas, ach is ionann an saol Heilléanaíoch agus na tíortha a ndeachaigh cultúr agus teanga na Gréige go mór i bhfeidhm orthu - is é sin, an Domhan Thoir i ndiaidh na ngabháltas a rinne Alastar Mór.

Bhain tionchar na Gréige ar na tíortha eile amach a bhuaicphointe sa Ré Heilléanaíoch. Shroich an tionchar sin an India féin, agus bhí sé le mothú i gcúrsaí na n-ealaíon, na hastralaíochta, na dturas fionnachtana, na litríochta, na hamharclannaíochta, na hailtireachta, an cheoil, na matamaitice, na fealsúnachta agus na heolaíochta. Mar sin féin is minic a deirtear nach raibh sa ré seo ach tréimhse idir eatarthu, nó fiú, nach ndeachaigh an Ghréig ach chun donais san am i gcomparáid le tréimhse na Gréige Clasaicí. Mar sin féin, is sa Ré Heilléanaíoch a tháinig an Chóiméide Nua, an fhilíocht Alastrach, an Seachtód, agus scoileanna fealsúnachta an Stóchais, an Eipiciúrachais agus an Phiorróineachais ar an bhfód. Bhí an eolaíocht Ghréagach á cur chun cinn ag an matamaiticeoir Eoiclíd agus ag an ileolaí Airciméidéas. D'fháiltigh saol an chreidimh isteach déithe nua cosúil le Serapis (dia Gréigeach-Éigipteach), déithe ón Domhan Thoir cosúil le hAttis agus Cybele, agus tháinig creideamh nua measctha (sincréiteachas) chun saoil in Iarthuaisceart na hIndia agus sa Bhaictria a bhí comhdhéanta as an mBúdachas agus as an gcultúr Heilléanaíoch.

Tags:

An Éigipt

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Litir Naomh Pól chuig na GalátaighLeo VaradkarPlandálacha na hÉireannSallustiusZacairiá (fáidh Giúdach sa Sean Tiomna)150117 MártaPríomhleathanachBirmingham, AlabamaFanaile14 Meitheamh1790An GhaeilgeScothscéaltaBaile Átha CliathFarraigeBairéinEukaryotaAn ÍoslainnPen-y-bont ar OgwrJeanne d'ArcJoe BidenAn LibiaTurasóireachtGaeilgeAn ChambóidSocietà Sportiva LazioConfadhSvaisticeLitríocht na SeapáineAn VicipéidRíomheolaíochtRowan AtkinsonAn PhalaistínCiclipéidCogadh na Saoirse (Éire)IdirlíonArtaimís2019Pádraic Ó ConaireWagamama700 RCPailé-ointeolaíochtMícheál Ó CoileáinAvicennaMahagaineDamhna dorchaAn ChríostaíochtCiorrú ball giniúna banMarianne (an Fhrainc)NetflixHidalgoLiosta daoine as an mBreatain BheagAn BhriotáinBórásDroichead Francis Scott Key (Baltimore)HoilmiamHenry FordNua-GheirsíTeilifísGoogleStaidreamh1938DuineSimon HarrisCuauhtémoc (delegacion Chathair Mheicsiceo)BratachSamhail Tagartha OSIBebo🡆 More