Tá a lán daoine ann a chreideann go bhfuil cearta ag daoine de thairbhe gur daoine iad; ní ainmhithe ná rudaí iad ach daoine ar féidir leo smaoineamh agus mothú.
Go bunúsach, is cóir caitheamh le gach duine ar domhan le dínit. Tá dínit ag duine nuair a dhéantar freastal ar a riachtanais bhunúsacha. Is iad riachtanais bhunúsacha an duine ná uisce, bia, foscadh, sábháilteacht, cúram leighis agus oideachas. Mura ndéantar freastal ar riachtanais bhunúsacha seo an duine, saol crua atá i ndán dóibh.
Ar leibhéal eile, tá iarrachtaí déanta ag a lán sochaithe chun cearta a thabhairt do gach duine. Uaireanta tá na cearta seo a dhearbhú mar chairt (liosta scríofa). Mar gheall ar na rudaí uafásacha a tharla le linn an Dara Cogadh Domhanda, shocraigh a lán tíortha go mbeadh liosta nua de chearta an duine ann chun daoine a chosaint.
Mar shampla, i 1948 d’fhoilsigh na Náisiúin Aontaithe Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine. Shínigh a lán tíortha an dearbhú seo, a rá go ndéanfaidís a ndícheall chun na cearta seo a chosaint. Sa lá atá inniu ann tá an dearbhú sínithe ag an chuid is mó de thíortha an domhain.
Tugtar cearta an duine orthu seo. Mar shampla
srl.
Tá clásal “neamh-leithcheala” ag príomh-ionstraimí idirnáisiúnta uile na gceart daonna (amhail Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus Coinbhinisiún na hEorpa um Chearta Daonna - agus amhail an tAcht um Chearta Daonna). Tagraíonn na clásail seo do na grúpaí ar féidir leo úsáid a bhaint as na cearta mar atá siad in ionstraimí na gceart daonna gan leithcheal
Dearadh ionstraimí áirithe sa dóigh go gcosnóidh siad grúpaí mionlaigh nó grúpaí a bhfuil cosaint ar leith de dhíth orthu mar shampla
• Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Dhíothú Leithcheala ar Mhná (CEDAW)
• Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Dhíothú Leithcheala Chiníoch (CERD)
• Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Pháiste (UNCRC)
Aithnítear go hidirnáisiúnta, mar sin, go gcaithfear grúpaí áirithe a chosaint ar leithcheal agus go gcaithfear comhionannas deiseanna a chothú.
Is féidir a rá go dtéann coincheap na gceart daonna féin siar go laethanta Réabhlóid na Fraince, ar a laghad. Tar éis an méid daoine a fuair bás i rith an dara Cogadh Domhanda, bunaíodh Eagraíocht na Náisiún Aontaithe. Ba é an Dara Cogadh Domhanda a thug an spreagadh don Dearbhú nua, an Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Measann go leor fealsúna agus staraithe nach féidir labhairt ar chearta an duine sna seanlaethanta san Iarthar. Sa stair ársa, níor fhág noirm an phobail, a cumadh i ndáil le hord an chosmais, níor fhag siad spás ar bith don duine mar indibhid uatha, measadh an dlí go príomha mar ord oibiachtúil na sochaí. Bhí an t-ordlathas sóisialta bunaithe ar an teaghlach, an uaisleacht nó na corparáidí gairmiúla nó saothair, a thugann le tuiscint nár cumadh aon chearta daonna mar sin, cumhachtaí chun rud a lorg no a éileamh. A mhalairt ar fad, an chumhacht go léir a thugtar don duine aonair a dhíorthaítear ó stádas dúbailte: stádas an duine laistigh den teaghlach agus stádas an teaghlaigh sin sa tsochaí. Lasmuigh den Stádas ní raibh aon chearta ann.
Is síol é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Cearta daonna, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.