Is vici (WikiWiki) í an Vicipéid.
Is é an bhrí atá leis sin go bhfuil cead ag gach duine leathanach a chumadh nó a fheabhsú, agus go gcuirtear ar taispeáint láithreach aon athrú a dhéantar. Cuireann an leathanach seo síos ar an scríobhchód mearshuímh. B'fhéidir gur mian leat tuilleadh a fhoghlaim faoi na rudaí a leanas:
Tá sé an-éasca leathanach mearshuímh a chur in eagar. Lean an nasc "Cuir in eagar" ag barr an ailt. Osclaíonn leathanach agus leagan so-athraithe den téacs ann.
Clóscríobh d'alt, achoimrigh na hathruithe sa bhosca beag thíos, agus cliceáil ar "Sábháil"! Is féidir leat réamhamharc a fháil ar do chuid athruithe.
Bí neamhchlaonta agus tú ag scríobh, agus luaigh do chuid foinsí chun go bhféadfadh daoine eile d'alt a sheiceáil agus cur leis.
Is minic is fusa an téacs a chóipeáil ar phróiseálaí focal, athruithe a dhéanamh ann agus an litriú a sheiceáil, agus é a chóipeáil arís ar do bhrabhsálaí chun réamhamharc a fháil air.
Is féidir athrach cló a dhéanamh le húsáid na n-uaschamóg ( ' ).
(Ní dhéanann ceithre uaschamóg faic.)
Is cóir duit do chuid tuairimí a shíneáil ar na leathanaigh phléite trí roinnt tildí ( ~ ) a bhreacadh ag deireadh na teachtaireachta:
Is féidir leis an mbogearra Vicí clár ábhair a chumadh uaidh féin as na mírchinn.
Is féidir fomhír a chumadh trí shíní cothroime ( = ) a chur ar gach taobh d'abairt nó d'fhocal:
( == ): Litreacha móra.
( ==== ): Litreacha measartha mór.
Déantar eangú má chuirtear idirstad ( : ) roimh líne nó roimh pharagraf. Úsáidtear idirstad amháin le haghaidh eangú amháin, dhá idirstad le haghaidh dhá eangú agus mar sin de.
Má chruthaítear nasc le leathanach nach bhfuil ann (fós) beidh an nasc sin dearg: An Cat Glas. Is féidir an leathanach úd a chruthú trí chliceáil ar an nasc; nochtfaidh leathanach folamh agus is féidir leat alt a scríobh ann.
Más mian leat an córas a thástáil gan dochar a dhéanamh, is féidir leat é a dhéanamh ar an gClár Dubh
Má theastaíonn uait liosta a chruthú, cuir * roimh gach mír sa liosta.
Má theastaíonn uait liosta le huimhreacha a chruthú, cuir # roimh gach mír sa liosta.
Má theastaíonn uait líne a chruthú, scríobh: ----.
Má theastaíonn uait nasc a chruthú, cuir [[ ]] timpeall an fhocail.
Má tá tú ag iarraidh nasc a cheangal le teideal ailt trí fhocal atá difriúil leis, scríobh an teideal idir lúibíní cearnacha dúbailte ([[) agus líne ingearach ( | ); ansin scríobh an focal agus cuir lúibíní cearnacha ina dhiaidh.
Má tá nasc eile ón Vicipéid á chruthú agat, cuir [[:cód teanga:teideal an ailt]] ar an leathanach.
Má theastaíonn uait nasc Idirlín a chruthú, scríobh an seoladh iomlán leis an http:// ag an tús.
Má theastaíonn uait nasc Idirlín a chruthú ach níor mhaith leat an URL a léiriú, cuir [ ] thimpeall an tseolaidh.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Vicipéid:Conas alt a chur in eagar, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.