Tá an 'Lámhleabhar Stíle seo comhdhéanta de threoirlínte, á n-úsáid chun stíl chothrom a chur i bhfeidhm ar Vicipéid.
Ní mór an t-alt seo a ghlanadh, ionas go mbeidh caighdeán níos fearr ann. Tar éis duit an t-alt a ghlanadh, is féidir leat an teachtaireacht seo a bhaint de. Féach ar Conas Leathanach a Chur in Eagar agus an Lámhleabhar Stíle le fáil amach faoin dóigh cheart le feabhas a chur ar alt ciclipéide. |
Is minic a bhíonn go leor bealaí ann chun rud éigin a scríobh, agus má roghnaíonn tú bealach amháin mar chaighdeán beidh sé níos éasca an Vicipéid a léamh, a úsáid, a scríobh, agus a athrú. Ní gá go n-aontódh gach duine gurb í an stíl áirithe sin is fearr don scríbhneoireacht, agus ní deirtear sin.
Cuirtear i gcuimhne do chomhoibrithe nua gur tábhachtaí go mór an scríbhneoireacht shoiléir fhaisnéiseach neamhchlaonta ná an cur i láthair agus an fhormáid. Ní cheanglaítear ar scríbhneoirí aon cheann de na rialacha seo a leanúint: is é buntáiste na heagarthóireachta mearshuímh nach bhfuil gá le foirfeacht. Tá Vicipéideoirí ann a thugann aird ar leith ar stíl na Vicipéide, agus cuirfear caoi ar leathanaigh an lámhleabhair dá réir.
Chun eolas a fháil ar conas feidhm a bhaint as an scríobhchód seachas cló trom nó cló iodálach amháin a úsáid, féach ar Conas a chuirtear leathanach in eagar. Tráchtann an t-alt seo ar cathain a úsáidtear an scríobhchód, cé gur léir an méid sin ó na samplaí féin go formhór.
De ghnáth scríobhtar an teideal nó ábhar an leathanaigh le cló trom sa chéad líne; uaireanta cuirtear cló iodálach air freisin. Féach ar Vicipéid:Lámhleabhar stíle (teidil). Is féidir an teideal nó an t-ábhar a chur sa chéad líne den abairt beagnach gach uair, ach baineann roinnt alt feidhm as an teideal amháin.
Má luaitear níos mó ná leagan amháin d’ainm san alt, cuirtear cló trom ar gach leagan.
Is fearr an comhthéacs a sholéiriú sa chéad cúpla focal; mar shampla,
Chun eolas breise a fháil ar bheathaisnéisí, féach ar Vicipéid:Lámhleabhar Stíle/Beathaisnéisí. Seo cúpla cás coitianta:
Féach ar Vicipéid:Lámhleabhar Stíle/Dátaí, uimhreacha, tomhais
Úsáid an uimhir sa dáta ar dtús, msh. 12 Nollaig.
Úsáid an marc == sna ceannlínte; ná húsáid '''. Déan tús le "==" (sin dhá comharthaí ionnanais). Má mheasann tú go bhfuil an cló ró-mhór (mar a mheasann roinnt daoine), is mar sin atá an stílchóras ar fud na Vicipéide. Ná bíodh a mhalairt agat in ailt aonair.
Déan ceannlitreacha den chéad fhocal agus de na ainmneacha dílse san teideal, ach ná cuir ceannlitreacha ar aon fhocal eile.
Bain úsáid as is é agus is í seachas na giorrúcháin 'sé agus 'sí atá coitianta san fhilíocht agus sa chaint.
Coinnigh an t-alt i logainmneacha i dteidil ailt: An Bheilg, Na Clocha Liatha. Chun an t-ord aibítreach a dhéanamh níos soléire i liostaí, is féidir an t-alt a cheilt mar seo: An [[An Bheilg|Bheilg]], Na [[Na Clocha Liatha|Clocha Liatha]], a bheidh á thaispeáint mar seo: An Bheilg, Na Clocha Liatha.
Bain úsáid as an gCaighdeán Oifigiúil!
Tugtar sloinnte Gaelacha a thosaíonn le Ó, Ua, Ní, Mac, Nic faoin gcéad phríomhlitir ina dhiaidh sin, m.sh. cuirtear Parthalán Ó hEachthairn faoin "E".
Bain úsáid as an fhormáid seo.
Fuair Ó Murchú bás sa bhliain 1901.Bloggs, E: "Ó Murchú, a shaol", lch. 203. Gnáthpress, 2005 ISBN 1234567890
== Tagairtí ==
{{reflist}}
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Vicipéid:Lámhleabhar Stíle, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.