Is éard atá i gceist le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine ná an forógra a bhfuil an tuiscint idirnáisiúnta a bhfuil coincheap na gceart daonna bunaithe air.
Universal Declaration of Human Rights, Declaración Universal de los Derechos Humanos, 世界人权宣言, Всеобщая декларация прав человека, Déclaration universelle des droits de l'homme, الإعلان العالمي لحقوق الإنسان, Zal'shɛŋa ŋan kpaŋsir' zɔsimdi ni naŋbaŋ yini andunia tiŋgbana sunsuuni agus ⵜⴰⵎⵓⵍⵉ ⵏ ⴰⵎⴹⴰⵍ ⵏ ⵍⵆⵈⵈⵏ ⵏ ⴰⵓⴰⴸⵎ | |
---|---|
Ainm gearr | UDHR |
Cineál | customary international law (en) , fógra, acht, saothar scríofa agus non-binding resolution (en) |
Tír | member states of the United Nations (en) |
Seánra | legal act (en) |
Príomhábhar | cearta daonna |
Leathanaigh | 6 |
Tréimhse ama | contemporary literature (en) |
Bailiúchán | Palais de Chaillot (en) |
Cruthú | 10 Nollaig 1948 |
Dáta foilsithe | 1940 |
Údar | Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe |
Sraith | |
Cuid de | International Bill of Human Rights (en) |
Obair iomlán | Téacs iomlán, Téacs iomlán agus Téacs iomlán |
Láithreán gréasáin | un.org… |
Fuaime |
Ba é an Dara Cogadh Domhanda a thug an spreagadh don Dearbhú seo, ach is féidir a rá go dtéann coincheap na gceart daonna féin siar go laethanta Réabhlóid na Fraince, ar a laghad. Tar éis an méid daoine a fuair bás i rith an dara Cogadh Domhanda, bunaíodh Eagraíocht na Náisiún Aontaithe.
Chuir na tíortha a bhí san eagraíocht liosta le chéile de na cearta a chreid siad ba cheart a bheith ag gach duine. Tugtar Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine ar seo. Ghlac Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe leis an Dearbhú go hoifigiúil ar an 10 Nollaig 1948 i bPalais de Chaillot, Páras.
Is é seo a leanas aistriúchán sothuigthe é a sheachnaíonn téarmaí dlí (ní leagan oifigiúil é).
tá an Comhthionól Ginearálta ag fógairt Dearbhú Uilechoiteann seo Chearta an Duine, mar chomhchaighdeán le baint amach do na daoine go léir agus do na náisiúin go léir, ionas go mbeidh gach duine aonair agus gach foras sa tsochaí ag tabhairt airde ar an Dearbhú seo gan teip, agus go mbeidh siad ag iarraidh urraim choitianta do na cearta agus do na saoráidí a chothú, agus go mbeidh siad, de réir a chéile, ag féachaint chuige go dtabharfar aitheantas agus urraim éifeachtúil do na cearta agus do na saoráidí seo ar fud an domhain, i measc mhuintir na mBallstát agus i measc na bpobal faoi dhlínse na mBallstát.
Ag teacht chun saoil dóibh, is ionann iad na daoine go léir, is ionann a saoirse, a ndínit agus a gcearta. Tá ciall agus coinsias acu go léir, agus dualgas orthu caitheamh le chéile mar a bheadh bráithre iontu.
Tá gach aon duine i dteideal na gceart a leagtar amach sa Dearbhú seo, beag beann ar an gcine, ar dhath na clí, ar an ngnéas, ar an teanga dhúchais, ar an gcreideamh, ar an mbarúil pholaitiúil nó eile, ar an gcúlra náisiúnta nó sóisialta, ar an maoin shaolta, ar an dúchas nó ar stádas ar bith eile. Thairis sin, caithfidh gach duine a bheith i dteideal na gceart seo cuma cé acu atá sé ina chónaí i stát neamhspleách nó i gcoilíneacht nó i dtír nó i limistéar eile nach bhfuil a mhuintir á rialú féin faoi láthair.
Tá gach aon duine i dteideal a bheatha, a shaoirse agus a shlándála pearsanta.
Ní féidir aon duine a choinneáil i ndaoirse, i ndaorbhroid ná i sclábhaíocht. Cuirtear cosc iomlán ar gach cineál daoirse nó sclábhaíochta.
Ní féidir aon duine a chéasadh, agus ní féidir pionós cruálach ná mídhaonna a ghearradh d'aon duine.
Tá gach aon duine ina theideal go gcaitear leis de réir mar a deir an dlí.
Is comhionann iad na daoine go léir os comhair an dlí, is é sin, is ionann an dlí do na daoine go léir. Tá gach aon duine ina theideal go gcosnófar é ar choireanna agus go gcosnófar a chuid cearta daonna mar atá siad leagtha amach sa dearbhú seo.
An duine ar sáraíodh a chearta daonna, tá sé ina theideal go n-íocfar a éiric leis de réir ordú na cúirte.
Ní féidir aon duine a ghabháil, príosúnach a dhéanamh de ná é a dhíbirt gan chúis cheart dhlíthiúil.
Aon duine a gcuirfear an dlí air tá sé de cheart aige a chás a mhíniú do bhinse dlí nach bhfuil claonta ina leith féin ná i leith an taoibh eile.
An duine nach bhfuil ciontaithe ag an gcúirt go fóill, glactar leis go bunúsach go bhfuil sé éigiontach, agus ní féidir é a chiontú mura bhfuil gléas ceart a chosanta ar fáil dó.
An duine a rinne gníomh áirithe nach raibh coir ann nuair a rinne sé é, ní féidir é a chiontú ann má rinneadh coir de ina dhiaidh sin, agus an duine a rinne coir áirithe, ní féidir pionós níos troime a ghearradh dó ná an pionós is airde a bhí ar leabhar na reacht nuair a rinne sé an choir.
Ní féidir ladar a chur isteach i saol pearsanta aon duine, ina phríobháid ná ina chomhfhreagras, agus tá sé ina theideal go bhfaighidh sé cosaint ó na húdaráis ar iarrachtaí a shaol príobháideach, a chlú is a cháil a chur ó mhaith.
Tá gach duine i dteideal gluaiseacht taobh istigh den tír agus socrú síos in áit nua chónaithe sa tír.
Tá gach duine i dteideal imeacht as tír ar bith, a thír dhúchais san áireamh, agus filleadh ar ais go dtína thír dhúchais féin.
Tá gach duine i dteideal dul ar lorg tearmainn i dtíortha eile, má bhagraíonn géarleanúintí air ina thír féin.
Ní féidir leis dul i dtuilleamaí an chirt seo, áfach, más gnáthchoir neamhpholaitiúil a tharraing na póilíní ar a lorg nó má rinne sé gníomhartha atá ag teacht salach ar phrionsabail bhunaidh na Stát Aontaithe (má rinne sé iarracht cearta na ndaoine eile a shárú, cuir i gcás).
Tá gach duine i dteideal saoránachta.
Ní féidir a shaoránacht a bhaint d'aon duine gan chúis cheart dhlíthiúil, ná é a dhiúltú faoi athrú saoránachta.
Tá fir agus mná fásta i dteideal pósadh a dhéanamh agus teaghlach a chur ar bun, beag beann ar chine, ar chreideamh agus ar shaoránacht. Tá na cearta céanna comhionanna acu ó thaobh an phósta, an tsaoil phósta agus an cholscartha de.
Ní féidir pósadh a dhéanamh ach an bhrídeog agus an buachaill óg a bheith sásta é a dhéanamh, is é sin, ní féidir aon duine a phósadh in aghaidh a thola.
Is é an teaghlach bunaonad na sochaí, agus caithfidh údaráis an Stáit an teaghlach a chosaint dá réir.
Tá gach aon duine i dteideal úinéireachta agus comhúinéireachta - is é sin, tá sé i dteideal maoin shaolta a bheith aige, nó a bheith i bpáirt aige le daoine eile.
Ní féidir a chuid maoine saolta a bhaint d'aon duine gan chúis cheart dhlíthiúil.
Tá saoirse smaointe, choinsiasa, agus chreidimh ag cách. Cuid den tsaoirse seo é nach bhfuil cead ag aon duine ladar a chur isteach i do chuid smaointe, agus go bhfuil de cheart agat eolas agus idéanna a ghlacadh ó dhaoine eile agus a scaipeadh uait féin trí gach cineál meán cumarsáide agus beag beann ar na teorainneacha.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.