Vitimín

Is substaint orgánach é an vitimín nach mbíonn ach rian de i ngnáthbhianna.

Bíonn vitimíní riachtanach le haghaidh na meitibileachta. Mura mbíonn vitimíní sa bhia againn tagann aicídí easpa ar dhaoine, amhail racaíteas, agus beri-beri. Leis an taighde is déanaí áfach is fearr go mór an tuiscint atá anois ag daoine ar iarmhairtí na vitimíní. Tuigtear anois gur mór i gceist na rianchomhdhúile seo maidir le sláinte agus le folláine gach uile ball agus gach uile chille sa cholainn. Is é mar atá go gcuireann siad le sláinte gach uile bhaill den cholainn. Aicídí áirithe de chuid na seanaoise - an ailse, aicídí an chroí, piochánacht na gcámh, laige sa chóras imdhíonachta, meathlú na néaróg - is mór an cuidiú iad na vitimíní chun iad sin a mhoilliú agus a chloí.

Vitimín
Struchtúr, vitimín E

Mar shampla, vitimín E, vitimín C, agus an bhéite-charaitéin, súnn siad saorfhréamhacha a dhéanfadh díobháil do na crómasóim. Cosaint is ea na vitimíní ar an tslí sin i gcoinne ailse agus i gcoinne éalang ó bhroinn. Cuidíonn na vitimíní céanna leis an artairiscléaróis a chloí.

Is ceann de na vitimíní B é an t-aigéad fólach. Neartaíonn sé seo na crómasóim, rud a chuireann i gcoinne na hailse agus na n-éalang ó bhroinn chomh maith.

Cuidíonn vitimín E le feabhas a chur ar an gcóras imdhíonachta ag seandaoine. Cnámha na mná tar éis an tsosa míostraithe - is gnách go gcailleann siad cailciam. Ach cuireann vitimín K moill leis an gcailleadh sini. De réir mar a dhéantar dul chun cinn ar an taighde seo, bí cinnte de go léireofar gur leithne i bhfad ionad na vitimíní sa chothú ná a measadh go dtí seo. Tá gá ag óg agus aosta le vitimíní.

Mar sin féin ní hé do leas a dhéanfá dá rithfeá amach chun piollairí vitimíní a fháil duit féin. Cuir i gcás vitimín A agus vitimín D - in-tuaslagtha i saill a bhíonn siad. An iomarca díobh, bíonn siad tocscaineach. Lena chois sin bíonn vitimíní le fáil go flúirseach i nglasraí agus i dtorthaí, i bhfeoil thrua agus in iasc. Má bhíonn do chothrom den bhia ceart á fháil agat, ní bheidh easpa vitimíní ort.

Tags:

AicídAilseBeri-beriCroíMeitibileacht

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

John PrescottAn OllainnisIúr Cinn Trá agus Ard Mhacha (Toghcheantar Tionóil)Cros DomhnaighCluicheLuciano PavarottiCursasAn Drúcht Geal Ceo (The Foggy Dew)Johann Wolfgang von GoetheTom HanksMartin Luther1710í20 AibreánAiltireachtCorn FIFA an Domhain 2014Cogadh Chomharbas na hOstaireGualLet It BeRíshliocht YuanEnda KennyFicheallRTÉ Raidió na GaeltachtaMary CarlisleGaeilge na hAlbanWilliam Smith O’BrienDrew Z. GreenbergWikimediaKen DoddBarúnEl NiñoÁbhar saorDon GibsonBill BaileyCaisleán WindsorGuildford FourSewall WrightAn Dara Cogadh DomhandaLá saoireLeonJean-Paul SartreBart SimpsonFinding DoryOró Sé do Bheatha 'BhailePoblacht na hÉireann6 Deireadh FómhairRalph WiggumContae Dillon, Carolina TheasMadraAn IodáilLámhscríbhinn dhathmhaisitheDie Verwandlung (An Claochlú)RollmopsJohn Wark1859Meiriceá ThuaidhPáirtí Poblachtach (Stáit Aontaithe)An AstráilIntelEugène LantiEolaíocht fheidhmeachComhairle Contae na GaillimheGaoth DobhairTwitterForas na GaeilgeAn ÍoslainnComórtas Amhránaíochta na hEoraifíse 2024Roc (iasc)BeathaÉire (Poblacht na hÉireann)TíreolaíochtLega NordSpórt1947🡆 More