Is éard atá i riarthóir ná Vicipéideoir a bhfuil cearta oibreora córais aige/aici.
Is é polasaí reatha na Vicipéide ná go dtugtar na cearta seo amach go fairsing chuig aon duine atá ina chuiditheoir Vicipéide ar feadh tamaill agus atá go ginearálta ina bhall iontaofa den chomhphobal.
"This should be no big deal," mar a dúirt Jimbo Wales.
Níl aon údarás speisialta ag oibreoir córais, agus tá siad cothrom le gach duine eile maidir le freagrachtaí agus cumhachtaí. B'fhéidir gur téarmaí mí-oiriúnacha iad "oibreoir córais" agus "riarthóir" - níl iontu ach úsáideoirí Vicipéide ar ar bronnadh teorainn úsáide agus slándála, de bharr gur meastar iad a bheith iontaofa agus oiriúnach agus nach mbainfeadh siad mí-úsáid astu. Ní ceart go mbeidh aon chumhacht ag na hoibreoirí córais ar úsáideoirí eile, ach amhain na socruithe a dhéanann na Vicipéideoirí go léir a chur i bhfeidhm .
Tá teorainneacha le cúpla tréith thábhachtach sna vicí-bogearraí. Bíonn rochtain ag oibreoirí córais ar na tréithe teoranta seo a leanas:
Má tá rochtain oibreora córais ag teastáil uait, cur d'ainm ar an leathanach phlé de réir na treoirlínte atá le fáil ann, agus vótálfaidh na Vicipéideoirí eile le go gceapfaí tú i do riarthóir nó a mhalairt. Moltar duit scríobh sa Vicipéid ar feadh tamaill roimh rochtain riarthóra a iarraidh. Cuimhnigh go bhfuil na rialacha saghas difriúl i ngach Vicipéid.
Bí cúramach! Má thugtar rochtain duit, iarrtar ort bheith an-chúramach maidir leis na cumhachtaí sin, go háirithe maidir le scriosadh agus díscriosadh na leathanach agus na n-íomhánna (agus a gcuid staire), agus maidir le seolta IP a chosc. Is féidir leat foghlaim faoi chumhachtaí riarthóra ag an Lámhleabhar riarthóireachta. Moltar duit focal faire láidir a chur ar do chuntas úsáideora: léigh an aiste seo ag Meta.
Chomh maith le riarthóirí, tá saghsanna eile d'úsáideoirí ann ar na tionscadail Wikimedia. Tá siad go leor sa liosta seo, in ord cumhachta.
I mbeagán focal, is féidir leo ailt a athrú agus cabhrú le cothabháil na Vicipéide, agus is féidir leo formhór acmhainní na mbogearraí a chur i bhfeidhm.
Tá na cumhachtaí céanna ag na húsáideoirí seo mar atá ag na húsáideoirí gan ainmneacha, ach is féidir leo comhaid a uaslódáil, leathanaigh a athainmniú chomh maith agus teachtaireachtaí ríomhphoist a fháil ó úsáideoirí eile gan a ríomhsheoladh a thaispeáint dóibh. Féach ar Speisialta:Userlogin chun lógail isteach a dhéanamh.
Tugtar "Oibreoirí córais" orthu chomh maith. Féach thuas.
Is féidir le "maorlathach" riarthóir a dhéanamh de úsáideoirí eile (ach ní féidir leo an stádas sin a bhaint díobh). Is féidir le maorlathach amháin maorlathach eile a dhéanamh sa tionscadal céanna. Is féidir leo an stádas róbó a thabhairt do nó a bhaint de úsáideoir eile.
Is féidir le "maor" an stádas rochtana a athrú do úsáideoir ar bith ar tionscadal Wiki ar bith, an riarthóireacht san áireamh. Is féidir leat aire a iarraidh ó maor ag m:Stewards. De ghnáth, ní dhéanann siad an saghas oibre ba féidir le maorlathaigh áitiúla a dhéanamh.
An céim is airde rochtana teicniúla (i ndáiríre tá cúpla fo-leibhéil ann, ach ní féidir le húsáideoirí aon difríocht ceart a dhéanamh eatarthu) aga sa "forbróir". Is féidir leo athruithe díreacha a dhéanamh ar bogearraí agus bunachar sonraí na Vicipéide. Ar an iomlán, ní dhéanann siad obair riarthóireachta ach amháin chun athruithe a chur i leith do dhaoine agus seiceáil ar mí-úsáid an chórais (mar shampla, má mheastar go bhfuil duine éigin ag baint úsáid as cuntais úsáideora éagsúla chun calaois a dhéanamh). Is féidir teangmháil a dhéanamh leo ag Wikitech-L. Féach ar m:Developer le tuilleadh eolais.
Is féidir an riarthóireacht a bhaint de dhuine má bhaineann sé nó sí mí-úsáid as a chuid cumhachtaí. Faoi láthair, ní féidir le h-aon duine ach Jimbo Wales an saghas sin scéil a shocrú. De réir a chomhairle féin, is féidir píonóis níos lú a chur ar riarthóirí a chruthaíonn fadhbanna. Is féidir le maoir an stádas riarthóra a bhaint de dhuine.
Má mheasann tú go rinne riarthóir drochghníomh id' éadan nó in éadan úsáideora eile, ba cheart duit é sin a phlé go díreach leis an riarthóir freagrach. Munar féidir libh an scéal a réiteach, is féidir leat dul níos faide de réir Vicipéid:Argóint a réiteach.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Vicipéid:Riarthóirí, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.