Fonsa a chasann ar acastóir is ea roth (roth rothair, roth stiúrtha, roth muilinn).
Is minic brí mheafarach leis: rothaí an tsaoil, d'iompaigh an roth air agus mar sin.
Tá formhór na gcóracha iompair talún i dtaobh leis ar an roth chun imeacht. Bíonn rothaí faoi rothair, faoi thraenacha, faoi ghluaisteáin agus faoi thrucailí. Bíonn eitleáin i muinín rothaí agus iad ag tuirlingt ar rúidbhealach.
Is é an fáth ar féidir le roth casadh chomh tapa sin nach bhfuil uillinn air.
Baineadh leas as rothaí i muilte freisin. Bíonn roth muillinn sna muilte chun cruithneacht, eorna, coirce, arbhar agus gránaigh eile a mheilt le haghaidh plúir. Chuireadh sruth uisce roth muilinn ag gluaiseacht, cé go mbaintear feidhm as aibhléis anois chuige.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Roth, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.