Is gníomhaireacht speisialta de chuid na Náisiún Aontaithe a bunaíodh sa bhliain 1945 é Eagraíocht Oideachais, Eolaíochta agus Chultúir na Náisiún Aontaithe (EOECNA).
Sonraí | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Ainm gearr | UNESCO agus ONUÉSC | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Cineál | specialized agency of the United Nations (en) eagraíocht idir-rialtasach eagraíocht idirnáisiúnta eagraíocht | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Teanga oifigiúil | Béarla, an Spáinnis, an Fhraincis, an Rúisis, an Araibis agus An tSínis | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Foirm dlí | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Téann in áit | International Committee on Intellectual Cooperation (en) | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Dáta a bunaíodh | 16 Samhain 1945 | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Suíomh a chartlainne |
| |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gníomhaíocht | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Limistéar oibriúcháin | domhanda | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ball de | Global Citizen Science Partnership (en) | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ballraíocht | 193 (2019) | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Rialachas corparáideach | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Ceanncheathrú (1958–) | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Uachtaránacht | Audrey Azoulay (2017–) | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Máthaireagraíocht | na Náisiúin Aontaithe | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Fochomhlacht | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Úinéir de | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Eile | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Gradam a fuarthas
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Suíomh gréasáin | en.unesco.org | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||
Príomhoifig
|
Bunaíodh é faoi Chairt na Náisiún Aontaithe le haghaidh comhoibriú idirnáisiúnta i réimsí oideachasúla, eolaíochta, agus cultúrtha a chur chun cinn.
Tá 193 ballstát agus 6 ball comhlacha ag UNESCO sa bhliain 2020. D'éirigh SAM as sa bhliain 1984.
Tá oifigí ag UNESCO i go leor suíomhanna timpeall an domhain. Tá a ceanncheathrú lonnaithe i bPáras na Fraince.
Bunaíodh an Clár Idirnáisiúnta Chuimhne an Domhain UNESCO i 1992 le haitheantas a thabhairt d’oidhreacht dhoiciméadach a measann saineolaithe a bheith de “shuntas den scoth” do chultúr an domhain. Bhunaigh UNESCO clár Cuimhne an Domhain i 1992 chomh maith chun caomhnú a dhéanamh ar ábhar luachmhar oidhreachta a bhí i mbaol de bharr na cogaíochta agus an tsuaite sóisialta nó de bharr easpa acmhainní.
2011ˑ Cuireadh an Leabhar Cheanannais le Clár Cuimhne an Domhain UNESCO.
2018ː Cuireadh Cnuasach Bhéaloideas Éireann le Clár Cuimhne an Domhain UNESCO. Tá an cnuasach béaloidis le háireamh ar chlár UNESCO mar gheall ar a “thábhacht dhomhanda” agus “an luach domhanda thar na bearta don chultúr”.
Sa bhliain 2017, bhí stádas UNESCO á lorg don Ghàidhlig, do chultúr Gaelach na hAlban agus do na h-Eileanan Siar. Ach ní bhfuair siad é (fós).
I mí na Nollag 2015 dhaingnigh Éire Coinbhinsiún 2003 UNESCO maidir le Caomhnú na hOidhreachta Cultúrtha Doláimhsithe. Tagraíonn oidhreacht chultúrtha dholáimhsithe ‘do na cleachtais, léirithe, nathanna, eolas, scileanna - chomh maith leis na hionstraimí, réada, déantáin agus spásanna cultúrtha lena gcois - a aithníonn pobail, grúpaí agus, i roinnt cásanna, daoine aonair mar chuid dá n-oidhreacht chultúrtha.
Ghlac UNESCO le cluiche na hiománaíochta, píobaireacht uilleann agus cláirseoireacht na hÉireann, mar chuid d’Oidhreacht Chultúrtha Dholáimhsithe an Chine Dhaonna.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article EOECNA, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.