Vacsaíniú

Cóireáil leighis is ea an vacsaíniú, a spreagann an cholainn chun antasubstaintí a chruthú mar ionsaí ar ghalrú ar leith, agus imdhíonacht a spreagadh sa cholainn i gcoinne an ghalraithe is an ghalair iarmharaigh.

Teimpléad:WD Bosca Sonraí Idirghabháil LeighisVacsaíniú
Vacsaíniú cuir in eagar
CIM-9-MC99.3 agus 99.5 Cuir in eagar ar Wikidata
MeSHD014611 Cuir in eagar ar Wikidata


Vacsaíniú
Vacsaín bhéil, páiste ag fáil vacsaínithe in aghaidh pholaimiailítis.

Sábháilte

Is bealach sábháilte agus éifeachtach é vacsaíniú (ar a dtugtar imdhíonadh chomh maith) chun cabhrú leis an gcorp galair áirithe a sheachaint nó chun troid ina gcoinne.

Vacsaíniú 
The Times, 25 Iúil 1923, Sasana

Éifeachtach maidir le raon leathan galar: faoi seo tá vacsaíní rathúla saothraithe ar eitinn scamhóige, bolgach, polaimiailíteas, teiteanas, diftéire, bruitíneach, plucamas is bruitíneach dhearg. Tá an bholgach stoite ar fud an domhain anois.

Ó 1998 tá conspóid sa Bhreatain maidir leis an vacsaín cumasc MMR i gcoinne bruitíní, plucamais is bruitíní deirge, de bharr ceangail a mheas máinlia amháin a bheith idir í is uathachas. Ach b'fhalsaitheacht é seo agus níor bhraith aon taighdeoir eile aon fhianaise go bhfuil ceangal mar sin ann[2].

Vacsaíniú 

Eolaíocht

Spreagann na vacsaíní an corp le hantaibheathaigh a tháirgeadh. Is iad na hantaibheathaigh córas cosanta nádúrtha an choirp le troid in éadan galar ionfhabhtaíoch.

Tá an t-imdhíonadh ina chuidiú leis an chorp a choinneáil réidh leis an ionfhabhtú a chosc má bhíonn teagmháil ag an duine leis an ghalar. Tar éis an bhabhta éadroim den ghalar, fanann antasubstaintí sa cholainn chun imdhíonacht a thabhairt ina choinne.

Déantar vacsaíní ar an iliomad bealaí ag baint úsáide as cuid de fhrídín nó de víreas is cúis le galar. Ní féidir leo an galar a gcosnaíonn siad ina choinne a thabhairt don té a thógann iad, ach go fíorannamh (vacsaín polio béil amháin). Cosnaíonn na vacsaíní a thugtar ag 2, 3 agus 4 mhí d’aois do pháiste ar shé ghalar éagsúla: polaimiailítis, diftéire, teiteanas, triuch, Hib agus meiningeacocúil grúpa C.

Vacsaíniú 

Is ionann vacsaíniú agus ionaclú dáileog éadrom den ghalar, is é sin baictéir nó víris lagaithe nó mharbha de.

Vacsaíní

Vacsaín bhéil

Vacsaín a shlogtar.

Vacsaín bheo tanaithe

Bolscaireacht

Seo vacsaín a dhéantar ó víreas beo a mionathraíodh chun nach mbeadh sé baolach níos mó. Ar na vacsaíní beo sa sceideal imdhíonachta do leanaí tá polio béil, MMR agus BCG. Is vacsaíní leo iad fiabhras buí agus sórt amháin den vacsaín tíofóideach.

Vacsaín chomhchuingeach

Seo vacsaíní a dhéantar as cuid den fhrídín agus a chuingrítear le próitéin (e.g. teiteanas nó diftéire). Dá dheasca sin oibríonn na vacsaíní seo níos fearr agus feidhmíonn siad thar tréimhse ama níos faide. Ar na vacsaíní comhchuingeacha sa sceideal imdhíonachta do leanaí tá Hib agus Men C.

Vacsaín dhíghníomhaithe

Seo vacsaíní a tháirgtear ó fhrídín a mharaítear nó ó thocsain, nó ón dá cheann, nó ag baint úsáide as codanna den fhrídín mar vacsaíní comhpháirteacha nó mar vacsaíní comhchuingeacha.

Vacsaín le tocsóidach ann

Seo vacsaíní a dhéantar as tocsain (nimh) atá anois neamhbhaolach. Is vacsaíní le tocsóideach iontu iad diftéire agus teiteanas.

Vacsaín maraithe

Seo vacsaíní a dhéantar nuair a mharaítear frídín nó víreas is cúis le galar. Ar na vacsaíní maraithe atá sa sceideal imdhíonachta do leanaí tá triuch lánchealach agus polio díghníomhaithe. Is vacsaín maraithe é tíofóideach freisin.

Stair

Bíodh is go raibh eolas ag na Sínigh ar éifeacht an ionaclaithe i gcoinne na bolgaí sa 16ú céad, d'fhionn Edward Jenner (1749-1823) an teicníc sa Bhreatain i 1798.

D'fheabhsaigh Louis Pasteur (1822-1893) é ina dhiaidh sin.

Féach Freisin

  • http://www.healthpromotionagency.org.uk/Resources/parentschild/immunisation/pdfs/teenirish.pdf

Tagairtí

Tags:

Vacsaíniú SábháilteVacsaíniú EolaíochtVacsaíniú VacsaíníVacsaíniú StairVacsaíniú Féach FreisinVacsaíniú TagairtíVacsaíniúCorp an duineCóir leighisGalarImdhíonadh

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Monarcacht bhunreachtúilRúisighAmhasvítneamContae Karnes, TexasCorn FIFA an Domhain 2006Gás nádúrthaSlat na rígheOrgán bairilleBreatimeachtBogearraí saoraMo Hat Mo GheansaíGreta ThunbergLá ANZACComhdháil Náisiúnta AfracachKim Il-sungLongAn VicipéidFolúsghlantóirBlátholaAn EoraipGalileo GalileiNanaitheicneolaíochtFeabhraClement AttleeHenry David ThoreauGoogle7 MártaUathmheaisín baincUS OpenAlbainScaindiamChatGPTAn Gorta MórCómhaoin WikimediaMao ZedongForógra na PoblachtaW. B. YeatsGrian-amMarwan MakhoulRéalteolaíochtCú FaoilDeartháireacha WrightOla na Mara ThuaidhÉirePionós an bháisLitriú na GaeilgeGnóisíochasSulphur Springs, TexasTeileachumarsáidLaosAn GhaeltachtAigéanSussex ThoirStáit Aontaithe MheiriceáFéilire GhréagóraJohnny DeppCeardchumannRíomheolaíochtAn Ghaeilge i dTuaisceart ÉireannDéardaoinAn fearann poiblíVíreas deingeÉadbhard VIII na Ríochta AontaitheVlaidímír LeinínTíreolaíocht🡆 More