Gearrscéalaí agus drámadóir mórchlú de chuid na Rúise ba ea Anton Pavlovich Chekhov (29 Eanáir 1860 – 15 Iúil 1904) agus duine de na gearrscéalaithe is mó i stair na litríochta.
Chuaigh Chekhov i mbun scríbhneoireachta chun brabús a dhéanamh as i dtús báire. Ach de réir mar a tháinig feabhas ar a chuid scileanna scríbhneoireachta, ba mhór an tionchar a bhí ar a chuid teicnicí ar fhoirm an ghearrscéil nua-aimseartha.
Bhí Chekhov ina dhochtúir leighis freisin - dúirt sé gurbh é an leigheas "a bhean chéile" agus gurbh í an litríocht a "leannán".
Rugadh Chekhov i dTaganrog na Rúise, áit a raibh siopa grósaeireachta ag a athair, Pavel. Yevgeniya an t-ainm a bhí ar a mháthair. Dearbhaíodh Pavel ina fhémheach sa bhliain 1876, agus bhí muintir Chekhov an-bocht ina dhiaidh sin. Bhí ar Anton Chekhov íoc as a oideachas féin, agus a mhuintir a chothú. Cuidíodh airgead óna chuid scríbhneoireachta go mór leis, agus d'éirigh leis céim leighis a bhaint amach in ollscoil Mhoscó. Tháinig clú agus cáil ar saothar Chekhov agus bhuaigh sé duais Pushkin sa bhliain 1887.
Sa bhliain 1892, cheannaigh sé eastát Melikhovo tuairim is daichead míle ó Mhoscó. Is ann a chónaigh sé féin agus a mhuintir go dtí 1898.
Bhuail eitinn é sa bhliain 1897. Bhog muintir Chekhov an bhliain dár gcionn go Yalta agus aeráid shéimh ann.
Phós sé Olga Knipper sa bhliain 1901.
Eitinn ba thrúig bháis dó ar an 15 Iúil 1904, fós óg (in aois 44 dó. Cuireadh i reilig Novodevichy é.
Bhí tionchar mór ag Chekhov ar go leor scríbhneoirí eile, leithéidí James Joyce, George Bernard Shaw agus Virginia Woolf.
An nuálaíocht is mó a fheictear i saothar Chekhov ná sreabh an choimhfheasa, teicníc ar bhain Joyce agus nua-aoisithe eile úsáid aisti ina dhiaidh sin.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Anton Chekhov, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.