Saothar a chur i láthair beo in amharclann nó i spás poiblí eile atá sa drámaíocht (nó dráma).
Tá sí ar cheann de na foirmeacha is ársa sa litríocht. Samhlaítear tús na drámaíochta, mar a aithnítear anois í, leis an tSean-Ghréig agus chuireadh Eoiripidéas, Sofaicléas agus na drámadóirí Gréagacha eile drámaí ar siúl os comhair an phobail na mílte bliain ó shin.
Tagann an focal dráma ón tSean-Ghréigis δρᾶμα a ciallaíonn sé "gníomh".
Ar William Shakespeare a chuimhníonn go leor daoine nuair a luaitear an drámaíocht. Cé gur mhair sé sa 16ú haois, cuirtear a chuid drámaí i láthair go rialta ar fud an domhain go fóill.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Drámaíocht, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.