Údar traigéidí de chuid na hAithne clasaicí a bhí in Eoiripidéas (Sean-Ghréigis: Eŭριπίδης Mνησαρίδου Φλυες, Eurīpídēs Mnēsarchídou Phlyeús).
In éineacht le hAescaileas agus Sofaicléas, tá sé ar cheann de na trí údar traigéidí Sean-Ghréagacha ar tháinig aon dráma óna bpeann slán go hiomlán. Chuir roinnt scoláirí ársa nócha is cúig dráma ina leith, ach deir an tSouda nach raibh ach nócha is a dó ar a mhéad ann. Díobh seo, tháinig ocht nó naoi déag slán don lá atá inniu ann, ina n-iomláine a bheag nó a mhór (tá amhras ann faoi Rhesus). Tá go leor blúirí (cuid acu substaintiúil) ann den chuid is mó dá dhrámaí eile. Tá níos mó dá chuid drámaí slánaithe ná mar a tháinig ó Aeschylus agus Sophocles le chéile, i bpáirt toisc gur mhéadaigh an tóir a bhí air de réir mar a tháinig laghdú ar a gcuid siúd — bhí sé, san Aois Heilléanaíoch, ina bhunchloch d'oideachas liteartha ársa, chomh maith le Hóiméar, Déamastainéas, agus Meineándar.
Ainm sa teanga dhúchais | (grc) Εὐριπίδης |
---|---|
Beathaisnéis | |
Breith | 485 "RCh" ↔ 480 "RCh" Salamas, An Ghréig |
Bás | 407 "RCh" ↔ 405 "RCh" 64/83 bliana d'aois Pella, An Ghréig |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Drámaíocht, filíocht agus fealsúnacht |
Gairm | údar traigéidí, file, scríbhneoir, drámadóir, fealsamh |
Seánra | Traigéide Ghréagach |
Teangacha | An tSean-Ghréigis |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Páiste | Eoiripidéas Óg |
Athair | Mnesarchus (en) agus Cleito |
|
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Eoiripidéas, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.