Scríbhneoir Francach ab ea Henri René Albert Guy de Maupassant (5 Lúnasa 1850 – 6 Iúil 1893).
Do rugadh é i château Mhiromesnil, château atá suite i dTourville-sur-Arques, agus do fuair sé bás i bPáras na Fraince.
Beathaisnéis | |
---|---|
Breith | (fr) Henry-René-Albert-Guy de Maupassant 5 Lúnasa 1850 Tourville-sur-Arques, An Fhrainc |
Bás | 6 Iúil 1893 42 bliana d'aois Passy (Troisième République) |
Siocair bháis | Bás nádúrtha (Sifilis) |
Áit adhlactha | Reilig Montparnasse |
Faisnéis phearsanta | |
Scoil a d'fhreastail sé/sí | Lycée Pierre-Corneille (1868–1869) Institution ecclésiastique d'Yvetot (fr) (1863–1868) Lycée Henri-IV (1859–) |
Áit chónaithe | Maison du 102 Quai de Seine à Sartrouville (fr) |
Teanga dhúchais | an Fhraincis |
Gníomhaíocht | |
Réimse oibre | Litríocht, amharclannaíocht agus iriseoireacht |
Gairm | gearrscéalaí, úrscéalaí, scríbhneoir, iriseoir, drámadóir, file |
Tréimhse oibre | 1880 – |
Seánra | Úrscéal |
Gluaiseacht | Réalachas liteartha |
Mac/iníon léinn de chuid | Gustave Flaubert |
Faoi thionchar | |
Ainm cleite | Joseph Prunier Guy de Valmont Maufrigneuse |
Teangacha | An Fhraincis |
Gairm mhíleata | |
Coinbhleacht | An Cogadh Franc-Phrúiseach |
Saothar | |
Saothar suntasach
| |
Teaghlach | |
Céile | luach ar iarraidh |
Athair | Gustave de Maupassant |
Gradam a fuarthas | |
|
Cara de chuid Ghustave Flaubert agus Émile Zola ab ea Maupassant, scríbhneoir a d'fhág an-lorg ar litríocht na Fraince de bharr na n-úrscéalta - úrscéalta ar nós Une vie (1883), Bel-Ami (1885) agus Pierre et Jean (1887-1888) - agus na ngearrscéalta dá chuid. Deirtear gurbh é ba mhó a chuir an gearrscéal chun cinn sa Fhrainc agus tá an-chlú go deo ar ghearrscéalta de chuid Mhaupassant sa lá atá inniubh ann fós. I measc na gcnuasach gearrscéalta a foilsíodh, is iad Boule de suif (1880), Contes de la bécasse (1883) agus Le Horla (1887) na cnuasaigh is iomráití.
Ainneoin an mhéid a scríobh sé, ní raibh Maupassant ina scríbhneoir ach ar feadh deich mbliana amháin - .i. ón mbliain 1880 go dtí an bhliain 1890 -, do fuair an íorthacht dianghreim air ag deireadh na tréimhse sin agus ní raibh sé in ann scríobh a thuilleadh.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Guy de Maupassant, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.