Is fiontraí, fear gnó, ilbhilliúnaí, innealtóir, agus aireagóir é Elon Reeve Musk (a rugadh in Pretoria, san Afraic Theas ar 28 Meitheamh 1971).
Aithnítear é mar chomhbhunaitheoir PayPal, SpaceX, Tesla Motors agus Solar City. Stiúrthóir ginearálta ar Twitter, SpaceX agus Tesla Motors é faoi láthair, agus uachtarán ar SolarCity chomh maith.
D'éirigh Musk ina ilbhilliúnaí i dtús na 2000idí nuair a bhunaigh sé PayPal, an gcóras íoctha ar líne is mó ar domhan,
Tá cáil ar Musk as an Tesla Roadster a chruthú, arbh é an chéad ghluaisteán leictreach inmharthana na linne seo, Bhí infheistíocht déanta ag Musk i dTesla sa bhliain 2004 (ní raibh ann ach $6.5 million) agus ó 2008 ar aghaidh, bhí sé ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Tesla.
Tá cáil ar Musk chomh maith as leagan príobháideach den tointeálaí spáis (an F9/Dragon) a dhearadh.
Ag comhdháil TED i gCeanada sa bhliain 2022, thaispeáin an ceapadóir an físeán seo a bhaineann lena thogra, an ‘Boring Company’. Tá sé mar fhís ag Musk tolláin iompair a tholladh sa talamh faoi chathracha móra mar Los Angeles.
Cheannaigh Elon Musk Twitter ar 27 Deireadh Fómhair 2022. Ar dtús, i mí Aibreáin 2022, bhí bord Twitter go mór in aghaidh an comhlacht a dhíol le Elon Musk ar an gcéad ásc. Ach ghéill siad nuair a leasaigh sé a thairiscint agus nuair a deimhníodh go raibh an maoiniú faighte aige. Cheannaigh sé Twitter ar phraghas an-ard ag an am, $44 billiún.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Elon Musk, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.