Ciallaíonn an t-agnóiseachas an sceipteachas a chuireann in iúl nach féidir leis an aigne dhaonna a bheith ar an eolas maidir le Dia a bheith ann.
Ní féidir linn a bheith ar an eolas maidir le rud ar bith atá lasmuigh de theorainneacha an domhain ábhartha eolaíochta, de réir na tuairime seo.
Cineál sceipteachais atá i gceist leis an agnóiseachas. Séanann an sceipteachas gur féidir leis an duine daonna a bheith feasach ar an bhfírinne nó go bhfuil a leithéid de rud ann agus fírinne oibiachtúil. Leagan den sceipteachas atá san agnóisiachas a chuireann in iúl an creideamh nach féidir leis an aigne dhaonna a bheith feasach an ann nó as do Dhia. Den chuid is mó, tá an t-agnóisiachas bunaithe ar an dearcadh nach bhfuil aon eolas againn ar an méid a ghabhann thar theorainneacha an domhain ábharaigh eolaíochtúil.
Tugtar agnóisí ar an té atá den tuairim nach féidir leis an duine a fháil amach cé acu atá Dia ann nó nach bhfuil.
B'é Thomas Henry Huxley, sa bhliain 1869, ba thúisce a bhain úsáid as an téarma sin "agnóiseachas". Tagann an focal ón nGréigis "a" = "gan", agus "gnosis" = "eolas").
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Agnóiseachas, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.