Is éard atá i seilmide (nó seilide), a bheag nó a mhór, ná gastrapód a bhfuil sliogán air.
Tugtar poigheachán ar shliogán an tseilmide go traidisiúnta. Úsáidtear an téarma seilmide is minice ar sheilmidí talún, ach tugtar an t-ainm ar go leor ball den ord Gastropoda a bhfuil sliogán seachtrach corntha orthu atá sách mór lenar féidir leis an ainmhí tarraingt go hiomlán isteach ann. Nuair a úsáidtear an focal seilmide sa chiall níos leithne seo, cuireann sé roinnt speiceas a chónaíonn san fharraige nó i bhfíoruisce san áireamh, mar shampla an seilmide fionnuisce agus an seilmide cladaigh (Littorina littorea). De ghnáth, tugtar drúchtín ar ghastrapód nach bhfuil sliogán go nádúrtha air, nó nach bhfuil ach sliogán inmheánach acu, ach úsáidtear seilide drúchta sa chás seo freisin.
Gastropoda | |
---|---|
Helix pomatia | |
Tacsanomaíocht | |
For-ríocht | Eukaryota |
Ríocht | Animalia |
Foríocht | Eumetazoa |
Fíleam | Mollusca |
Fofhíleam | Conchifera |
Aicme | Gastropoda Cuvier, 1797 |
Ní beag an bhaint atá ag seilmidí leis an saol daonna, mar shampla mar fhoinse bia, mar lotnaidí, agus mar veicteoirí galair, agus úsáidtear sliogáin seilmide mar mhaisiúcháin nó i seodra. Baintear úsáid freisin as an seilide i gcora cainte a dhéanann tagairt do rud nó do dhuine mall: chomh mall le seilmide, is é teacht an tseilide atá aige.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Seilmide, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.