Amhránaí, cumadóir amhrán, aisteoir agus léiritheoir feidhmiúcháin Sasanach ab ea David Bowie (8 Eanáir 1947 -10 Eanáir 2016).
Is mórphearsa chultúir é i gcónaí. É féin a athchruthú de shíor, ba é sin misean is stampa David Bowie.
Bhí tionchar mór ag a cheol agus ealaín stáitse ar an rac-cheol i rith na 1970idí agus ó shin. Cuimhneofar go speisialta air i mbun cantaireachta ar "Let's Dance", "Heroes" agus "Under Pressure", amhráin a chum sé féin, chomh maith le Starman, Modern Love, Rebel, agus Life on Mars.
Bhí Space Oddity a chéad singil a chuaigh isteach sna cairteanna, eisithe ar 11 Iúil 1969.
I rith a shaol, dhíol Bowie tuairim is 140 milliún ceirníní ar fud [an domhan|an domhain]]. Mar shampla, sa Ríocht Aontaithe, bhronnadh naoi ndeimhniú platanam ar a chuid albaim (agus haon-déan ór). Chuaigh sé isteach sa Rock and Roll Hall of Fame i 1996.
Ainm stáitse ab ea David Bowie agus rugadh é faoin ainm David Robert Jones. Rugadh Bowie sa bhliain 1947 i nDeisceart Londain (Brixton).
In Brixton, ar an taobh ó dheas de Londain, a rugadh David Robert Jones i 1947. D'fhás a shuim i gceol agus é mar pháiste. Bhunaigh sé a chéad bhanna ceoil nuair nach raibh sé ach cúig bliana déag.
Rinne sé staidéar ar ealaín. Thosaigh sé ag obair mar cheoltóir i 1963. D’athraigh sé a ainm ina dhiaidh sin go David Bowie agus bhain sé amach uimhir a haon sna cairteacha sa mBreatain i 1969 le Space Oddity. As sin chruthaigh sé Ziggy Stardust, stíl éagsúil shainiúil ag baint lena chuid ceoil i gcónaí agus tionchar dá réir aige ar cheoltóirí eile.
Tháinig deireadh lena thréimhse ar an bhóthar i ndiaidh na camchuairte "A Reality Tour", sa bhliain 2003, cé gur lean sé leis ag cumadh ceoil go deireadh a shaoil; a tháinig inné, 10 Eanáir, in aois 69.
Seoladh Blackstar, an 25ú albam stiúideo leis ar 8 Eanáir 2016. Agus fuair Bowie bás de bharr ailse ar an 10ú Eanáir 2016.
Ó 1987, nuair a sheinn Bowie a chéad ghig i mBaile Shláine, Co. na Mí, ba mhinic é ar ais in Éirinn ag seinm i mBÁC, agus fiú i mBéal Feirste in 1995, nuair gur bheag ceoltóir mór le rá a bhí sásta seinm ar an taobh ó thuaidh den teorainn.
In 2003, nuair a sheinn Bowie in Éirinn den uair dheireanach, sa Phoint i mBÁC, cuimhneofar ar na focail “Tiocfaidh ár lá” a scread sé amach ag deireadh an amhráin ‘Rebel Rebel’.
Bhí leaganacha Gaeilge de mhóramhráin David Bowie le cloisteáil ag ceolchoirm i mBaile Átha Cliath sa bhliain 2016. IMRAM a bhí i mbun ‘Réaltneach: Tionscadal David Bowie’ a cuireadh ar stáitse in Amharclann an Pavilion i nDún Laoghaire. An file Gabriel Rosenstock a d’aistrigh amhráin Bowie go Gaeilge agus Liam Ó Maonlaí, Hilary Bow agus The Brad Pitt Light Orchestra a chuir na leaganacha nua i láthair.
Is síol ceoil é an t-alt seo. Cuir leis, chun cuidiú leis an Vicipéid. Má tá alt níos forbartha le fáil i dteanga eile, is féidir leat aistriúchán Gaeilge a dhéanamh. |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article David Bowie, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.