Ealaín

Oilteacht an bhunbhrí a bhí le hEalaín sa Ghaeilge.

"Cumas oilte gníomh a bhfuil scil ag baint leis agus a mbeidh toradh an ghnímh sin le haithint atá i gceist [...] Tá ciall na cleasaíochta i gceist leis an ealaín fosta agus tá an chiall sin ar cheann de na bríonna is coitianta a fhaightear sa chaint go fóill.".

Ealaín
Véineas de Milo ar taispeántas i Músaem an Louvre, Páras na Fraince.

Is é fíor-bhrí na hEalaíne ná tuiscint go bhfuil rud éigin níos mó ná an méid a léirítear go fisiciúil. Fágtar faoin lucht éisteachta/féachana atá sé cinneadh a dhéanamh/cur síos a dhéanamh ar cad é sin. Is foirm scríbhneoireachta í an ealaín. Teachtaireacht is ea scríobhaí a insíonn an t-údar duit an bhrí. Mar sin féin, sa scríbhneoireacht ealaíne insíonn an lucht féachana an teachtaireacht agus mar sin is féidir léirmhínithe gan teorainn a bheith ann.

Dála a comhbhríonna i dteangacha eile, tá an chéad bhunbhrí thuasluaite ag leathnú an t-am ar fad agus sa lá atá inniu ann is ionann 'ealaín' go minic agus táirge ar bith de chuid na samhlaíochta a dhírítear ar an tsamhlaíocht féin.

Ó Athbheochan an Léinn anall ba ghnách san Eoraip na Míndána (i.e. ealaíona na péintéireachta, na líníochta, na dealbhóireachta agus na hailtireachta) a dhealú amach ó na hEalaíona Feidhmeacha, ealaíona a cuireadh i bhfeidhm ar earraí chun iad a mhaisiú; ach bhí seo bunoscionn le dearcadh cultúr agus sibhialtachtaí eile agus le dearcadh na hEorpa féin roimhe sin.

De réir an Choincheapúlachais, fealsúnacht ealaíne a tháinig chun cinn tar éis an Dara Chogadh Domhanda, is féidir le duine ar bith a bheith ina ealaíontóir agus is féidir le rud ar bith a bheith ina théama i saothar ealaíne. Meán chun pearsantacht, braistintí nó spiorad an ealaíontóra a léiriú atá san Ealaín de réir na teoirice seo. Is é an t-ealaíontóir ábhar a chuid ealaíne féin, murab ionann agus an scéal i dtraidisiúin nó i bhfealsúnachtaí ealaíne san am a chuaigh thart. Sainmhíniú de chuid an Iarthar é seo, ar ndóigh, agus gan baint aige le formhór na dtraidisiún eile. Bhí aidhmeanna dá gcuid féin acu siúd. Neamh agus an Domhan a nascadh le chéile ba chuspóir do Phéintéireacht na Síne, mar shampla, agus níor mhór duit dianstaidéar agus dianmhachnamh a dhéanamh roimh duit tabhairt faoin obair.

Ealaín
Anne Vallayer-Coster - Attributes of Painting, Sculpture, and Architecture  (1769, Louvre)

Déantar cineálacha difriúla de léiriú ealaíonta a rangú mar a leanas:

Nádúrachas, agus iarracht á déanamh ar an ábhar a léiriú mar a fheiceann an tsúil é.

Teibíochas, agus an t-ábhar á léiriú trí stíliú agus trí fhíoracha neamhnádúrtha.

Neamh-oibiachtúlachas, agus mothúcháin á spreagadh sa lucht féachana le dathanna agus le fíoracha, díreach mar a dhéanann an ceol.

Teicníochtaí Coitianta Chun Saothair Ealaíne A Dhéanamh

Cineálacha Ealaíne

Naisc sheachtracha

Tagairtí

Tags:

Ealaín Teicníochtaí Coitianta Chun Saothair e A DhéanamhEalaín Cineálacha eEalaín Naisc sheachtrachaEalaín TagairtíEalaín

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

Caisleán na DeirgeTeanga (cumarsáid)Talitha Cumi (eipeasóid The X-Files)Mary CarlisleGwyneddIonradh na Rúise ar an ÚcráinEllen DeGeneresMartin LandauBrigitte BardotEantalpachtFicheallThe People of the State of New York v. Donald J. TrumpCágBarbara MikulskiNíotráitAigéad hidricianachSkibidi ToiletMaeve O'SullivanAn IoruaStáit Aontaithe MheiriceáIntelLeann piorraSóidiamMarlon BrandoPáirtí Daonlathach (Stáit Aontaithe)Miami, FloridaCumann na mBanLá BloomInnealtóireacht Roicéad Aeraspáis DelftStaidreamhCoirbéaladhReigéLet It BeSpéirLega NordIseatópLeictreafóibeRollmopsAbhainnCreideamhContaetha in MissouriPatrick BrownStáit MheiriceáEolaíocht shláinteAn Páirtí NáisiúntaCoileánGuamGluaisrotharMíciríosaInnealtóireacht bhogearraíCarles PuigdemontBioróirAerachAiteachGaelachGás1967Felix MendelssohnAn GhealachRTÉ Raidió na GaeltachtaNaomh PádraigTeangaPuballLuka Modrić8 SamhainSruth leictreachNua-Eabhrac (cathair)MatamaiticFranz LisztOibríocht Entebbe🡆 More