Michela Murgia: Scríbhneoir Iodálach

Scríbhneoir, drámadóir agus tráchtaire raidió Iodálach ab ea Michela Murgia a rugadh i gCabras na Sairdíne sa bhliain 1972 (3 Meitheamh 1972 – 10 Lúnasa 2023).

Ba scríbhneoir ildánach í a chleacht stíleanna éagsúla scríbhneoireachta agus a chomhoibrigh le scríbhneoirí eile. Bhuaigh sí an Premio Campiello, Duais Idirnáisiúnta Liteartha Mondello agus duais Dessì.

Infotaula de personaMichela Murgia
Michela Murgia: Cúlra, Saothair, Saothair eile le Michela Murgia
Cuir in eagar ar Wikidata
Beathaisnéis
Breith3 Meitheamh 1972
Cabras, An tSairdín, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Bás10 Lúnasa 2023
51 bliana d'aois
An Róimh, An Iodáil Cuir in eagar ar Wikidata
Siocair bháisBás nádúrtha (Neoplasma duáin)
Faisnéis phearsanta
Idé-eolaíocht pholaitíochtaFeimineachas, gluaiseacht neamhpleáchais agus frithfhaisisteachas
ReiligiúnCaitliceachas
Áit chónaitheAn Róimh
Teanga dhúchaisan Iodáilis
Gníomhaíocht
Réimse oibreGníomhaíocht liteartha, léirmheastóireacht liteartha, blag agus polaitíocht
Suíomh oibre An tSairdín Cuir in eagar ar Wikidata
Gairmscríbhneoir, blagálaí, colúnaí, polaiteoir, úrscéalaí, léirmheastóir liteartha Cuir in eagar ar Wikidata
TeangachaAn Iodáilis
Saothar
Saothar suntasach
Gradam a fuarthas

IMDB: nm3640536 Twitter: KelleddaMurgia Youtube: UCaQM8v0B91NmuzT_1JaHu6A Musicbrainz: e38687f9-db8f-481c-8c79-839d82e4b2dd Discogs: 2832317 Cuir in eagar ar Wikidata

Cúlra

Agus í 18 mbliana d'aois, glacadh isteach i dteaghlach uchtála í mar filla de ànima, nó 'leanbh anama', uchtú traidisiúnta Sairdíneach. Cuireadh moill ar uchtú Murgia mar gheall ar a hathar a bheith ina choinne. Pléitear scéal maidir le filla de ànima' sa leabhar Athmháthair.

Feimineach ar an eite chlé a bhí inti agus bhí sí gníomhach i saol poiblí na hIodáile, agus is minic a labhair sí ar chúrsaí ar nós eotanáise agus cearta LADT.

Saothair

Sa bhliain 2006 foilsíodh II mondo deve sapere (Is ceart go mbeadh a fhios ag an saol), dialann ghreann traigéideach léi a spreag an scannán le Paolo Virzi Tutta la vita davanti (An saol mór os do chomhair amach). Sa bhliain 2008 foilsíodh Viaggio in Sardegna (Turas go dtí an tSairdín) faoina hoileán dúchais (Einaudi). Foilsíodh Accabadora sa bhliain 2009 (a aistríodh faoin teideal Athmháthair), leabhar a bhuaigh go leor duaiseanna, Duais Campiello, Duais Molinello agus Duais Idirnáisiúnta Litríochta Mondello ina measc. Sa bhliain 2011 foilsíodh Ave Mary, saothar neamhfhicsin a scrúdaíonn an t-oibiachtú a dhéantar ar mhná sa tsochaí agus an dóigh a ndearna an cultúr Caitliceach beag de ról na mban sa tsochaí óna thús amach. Sa bhliain 2012 foilsíodh Presente, a scríobh sí i gcomhar le Andrea Bajani, Paolo Nori agus Giorgio Vasta, ag cur síos ar an mbliain 2011. Foilsíodh L’incontro (An Cruinniú) sa bhliain chéanna sin. I gcomhar le Loredana Lipperini rinne sí iniúchadh ar fhoréigean in éadan na mban i sochaí an lae in L’ho uccisa perché l’amavo. Falso! (Mharaigh mé í mar go raibh grá agam di. Bréagach!) a foilsíodh sa bhliain 2013. Bhí sí ar dhuine d'údair na díolama carthanachta Sei per la Sardegna (Sé cinn don tSairdín) (Einaudi, 2014). Sa bhliain 2018 foilsíodh Istruzioni per diventarefascisti (Conas a bheith i do fhaisistí), agus L’inferno è unabuona memoria. Visions from The Mists of Avalon by Marion Zimmer Bradley. Sa bhliain 2019 d'fhoilsigh sí Morgana a scríobh sí i gcomhar le Chiara Tagliaferri (Mondadori) agus sa bhliain 2021 foilsíodh Morgana. L'uomo ricco sono io. Sa bhliain 2022 foilsíodh Stai zitta (Bí i do thost) agus God Save the Queer: Catechismo femminista (Einaudi).

Scríobh sí roinnt drámaí agus píosaí don stáitse chomh maith le roinnt aisteoireachta a dhéanamh í féin.

Sa bhliain 2023 d'fhoilsigh Mondadori Tre ciotole. Rituali per un anno dicrisi (Trí bhabhla. Deasghnátha do bhliain i ngéarchéim) ina dtugann Murgia le fios go bhfuil diagnóis dholeigheasta faighte aici. "Is scéal é seo faoin rud atá ag tarlú domh. An diagnóis san áireamh." Fuair Michela Murgia bás le hailse ar an 10ú Lúnasa 2023 in aois a 51 bliain.

Saothair eile le Michela Murgia

Neamhfhicsean

Úrscéalta

Aistí

Féach freisin

  • Litríocht na hIodáile

Tagairtí

Tags:

Michela Murgia CúlraMichela Murgia SaothairMichela Murgia Saothair eile le Michela Murgia Féach freisinMichela Murgia TagairtíMichela MurgiaAn tSairdín

🔥 Trending searches on Wiki Gaeilge:

SaratovCaitlín Bean Uí ChléirighCeannaircScaindiam13 SamhainIlmheáinCluicheAn RúisisPéintéireachtSeoirse I na Breataine MóireMicrosoft WindowsThe People of the State of New York v. Donald J. TrumpGuglielmo MarconiDáil ÉireannFomhóraighBitheolaíochtSéamas II agus VIITrasfhoirmeoir (ailtireacht domhainfhoghlama)EukaryotaÉiceolaíochtAn SpáinnPtychodusHipitéisJohnny DeppLouisa HarlandLeabharuimhir Chaighdeánach IdirnáisiúntaHenley-in-ArdenUnder ArmourAinmhíVínCLG Chontae Bhaile Átha CliathThe New York Times1835Mór-RíoghainFyodor DostoyevskyDúrabhánmargadh airgeadraíCúige LaigheanEipistéimeolaíochtSan Mateo, CaliforniaAcmhainn.ieLeictreastataicCogadhIomprachasBaictéir Ghram-dheimhneachaLaos1 NollaigConfadhSundar PichaiRapcheol GaeilgeBliain bhisighRéalteolaíochtmargaíocht2024An ÚcráinOspidéalUS OpenÁird nan CrasgEssexGaiscíochSeanad Stáit Aontaithe MheiriceáMonarcacht bhunreachtúilAn DagastáinForógra na PoblachtaOrd (bitheolaíocht)Aimsitheoir Aonfhoirmeach AcmhainneHéaród MórCharles LawsonVicíÉireWayback Machine12 EanáirLitriú na Gaeilge🡆 More