Meastar go bhfuil 200 milliún bean ar domhan, idir chailíní agus mhná, a ndearnadh Ciorrú ball giniúna ban nó Ciorrú baill ghiniúna ban orthu, de réir staitisticí na hEagraíochta Domhanda Sláinte.
Déantar an gníomh seo ar chailíní agus iad faoi bhun 15 bliana d’aois de ghnáth.
Cineál | genital modification (en) , female genital trauma (en) agus gortú |
---|---|
Acmhainní seachtracha | |
MeSH | D019093 |
In amanna baintear an brillín nó déantar páirtshéalú ar an labia. Déantar é go minic faoi choinníollacha míshláinteacha agus de ghnáth ar chailíní in aois 5-8.
Ní bhaineann buntáiste leighis ar bith leis. D’fhéadfadh an gníomh seo a bheith ina chúis le hiarmhairtí fisiciúla nó síceolaíocha ar feadh an tsaoil.
Is nós é atá níos sine ná an Chríostaíocht agus Ioslam araon. Cé nach bhfuil baint aige leis an reiligiún, tá baint dhíreach aige leis an bpatrarcacht, agus is bealach é ciorrú ball giniúna ban chun smacht a fháil ar choirp agus ar ghnéasacht na mban.
Inniu.déantar ciorrú ar bhaill ghiniúna ban i roinnt tíortha, san Afraic go háirithe.
Tá an cleachtas in aghaidh an dlí san Aontas Eorpach ach déantar é ar chailíní óga ó chúlra inimirce. Meastar go ndearnadh ciorrú ar bhaill ghiniúna leathmhilliún bean san Eoraip.
Ceiliúrtar an Lá Idirnáisiúnta na Neamhfhulaingthe ar Chiorrú Ball Giniúna Ban ar an 6 Feabhra gach bliain.
Téama 2020ː Deis a thabhairt do chumhacht an aosa óig
Téama 2021ː Níor cheart gur thráth na faillí domhanda é: aontaítear agus gníomhaítear agus maoinítear gníomhaíocht chun deireadh a chur le ciorrú ball giniúna baineann.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Ciorrú ball giniúna ban, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.