I stair fhada litríocht na Seoirsia cumadh trí aibítir Sheoirseacha (Seoirsis: ქართული დამწერლობა kartuli damts'erloba) chun an tSeoirsis agus na teangacha Cairtvéalacha eile a scríobh.
In aibítir an lá inniu, tá 33 litir ann a chuirtear i bhfoclóirí agus liostaí san ord céanna atá in aibítir na Gréigise.
Cineál | set (en) , tacar, nodaireacht, aibítir agus script family (en) |
---|---|
Teangacha | Kartvelian (en) agus an tSeoirsis |
Cruthú | 5 haois |
Bunús | an tSeoirsia |
Treo téacs | clé go deas |
Representative List of the Intangible Cultural Heritage of Humanity (en) | |
Am | 2016 |
Aitheantóir | RL/01205 |
Go dtí seo, is iad Inscríbhinní Bir el Qutt ón mbliain AD 430 an scríbhneoireacht i Seoirsis is sine dá bhfuil teacht uirthi. Rinneadh na hinscríbhinní seo i mainistir Sheoirseach sa Phalaistín ag baint úsáide as an aibítir ar a dtugtar Asomtavruli. De réir a chéile d'oibrigh an aibítir Nuskhuri ina hionad go dtí an 9ú haois. Mhair seal na haibítre Nuskhuri go dtí gur tháinig an aibítir Mkhedruli, a bhfuil cruth níos cruinne ar na litreacha, ina hionadsa sa 10ú haois.
Ar 30 Samhain na bliana 2016, chuir UNESCO "traidisiún cultúir beo na dtrí chóras scríbhneoireachta na Seoirsise" ar an liosta úd acu Oidhreacht Chultúir Dholáimhsithe an Chine Dhaonna.
Asomtavruli | |||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
Ⴀ | Ⴁ | Ⴂ | Ⴃ | Ⴄ | Ⴅ | Ⴆ | Ⴡ | Ⴇ | Ⴈ | Ⴉ | Ⴊ | Ⴋ | Ⴌ |
Ⴢ | Ⴍ | Ⴎ | Ⴏ | Ⴐ | Ⴑ | Ⴒ | Ⴣ | ႭჃ, Ⴓ | Ⴔ | Ⴕ | Ⴖ | Ⴗ | Ⴘ |
Ⴙ | Ⴚ | Ⴛ | Ⴜ | Ⴝ | Ⴞ | Ⴤ | Ⴟ | Ⴠ | Ⴥ |
Nusjuri | |||||||||||||
---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|---|
ⴀ | ⴁ | ⴂ | ⴃ | ⴄ | ⴅ | ⴆ | ⴡ | ⴇ | ⴈ | ⴉ | ⴊ | ⴋ | ⴌ |
ⴢ | ⴍ | ⴎ | ⴏ | ⴐ | ⴑ | ⴒ | ⴣ | ⴍⴣ, ⴓ | ⴔ | ⴕ | ⴖ | ⴗ | ⴘ |
ⴙ | ⴚ | ⴛ | ⴜ | ⴝ | ⴞ | ⴤ | ⴟ | ⴠ | ⴥ |
Aige seo thíos tá na 33 litir a mbaintear úsáid astu inniu san aibítir Mkhedruli:
an /ɑ/ | ban /b/ | gan /g/ | don /d/ | en /ɛ/ | vin /v/ | zen /z/ | tan /t(ʰ)/ | in /i/ | k'an /kʼ/ | las /l/ |
ა | ბ | გ | დ | ე | ვ | ზ | თ | ი | კ | ლ |
man /m/ | nar /n/ | on /ɔ/ | p'ar /pʼ/ | zhan /ʒ/ | rae /r/ | san /s/ | t'ar /tʼ/ | un /u/ | par /p(ʰ)/ | kar /k(ʰ)/ |
მ | ნ | ო | პ | ჟ | რ | ს | ტ | უ | ფ | ქ |
ghan /ɣ/ | q'ar /qʼ/ | shin /ʃ/ | chin /ʧ/ | tsan /ts/ | dzil /dz/ | ts'il /tsʼ/ | ch'ar /ʧʼ/ | khan /x/ | jan /ʤ/ | hae /h/ |
ღ | ყ | შ | ჩ | ც | ძ | წ | ჭ | ხ | ჯ | ჰ |
Tá 8 litir eile san aibítir Mkhedruli nach n-úsáidtear anois sa tSeoirsis féin a thuilleadh, ach tá cuid díobh in úsáid sna teangacha Cairtvéalacha eile:
he /ej/ | hie /j/ | vie /vi/ | hari /q/ | hoe /ow/ | fi /f/ | yn /ə/ | elifi /ʔ/ |
ჱ | ჲ | ჳ | ჴ | ჵ | ჶ | ჷ | ჸ |
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Aibítrí Seoirseacha, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.