Is é Tionól Thuaisceart Éireann ná tionól a cuireadh ar bhun de réir Chomhaontú Aoine an Chéasta i 1998.
Bunaíodh an Tionól agus an Fheidhmeannacht chun go bhféadfadh na páirtithe polaitíochta tofa cumhacht a roinnt. Tá an Tionól lonnaithe ag Stormont, díreach lasmuigh de Bhéal Feirste.
Sonraí | |||||
---|---|---|---|---|---|
Cineál | reachtas comhstáit sole chamber (en) córas an aon seomra reachtaigh teach reachtaíochta tofa | ||||
Foirm dlí | |||||
Dáta a bunaíodh | 1998 | ||||
Rialachas corparáideach | |||||
Ceanncheathrú | |||||
Le cuid | |||||
Suíomh gréasáin | niassembly.gov.uk | ||||
De réir Chomhaontú Aoine an Chéasta, is gá don dá phobal cumhacht a roinnt eatarthu - .i. is gá Céad-Aire a bheith ón bpáirtí is mó agus an LeasChéad-Aire a bheith ón páirtí is mó ón bpobal eile. Faoi mar atá cúrsaí anois, tá an dá bhloc mhóra – Sinn Féin agus an DUP – ag iomrascáil le chéile leis an cheann is fearr a fháil ar a chéile.
Ina theannta sin ní féidir le haon vóta a theacht isteach mura vótáil an dá pobal dó. Ní foláir dona airí a bheith roinnte idir an dá pobal freisin. Bhí sé ar na comhaltaí iad féin a ainmniú mar 'náisiúnaithe', 'aontachtaí' nó 'eile' chun ábhair vóta.
Bhí Parlaimint Thuaisceart na hÉireann i bhfeidhm ó 7 Meitheamh 1921 go dtí 30 Márta 1972. Ar 22 Meitheamh 1921, d'oscail Seoirse V Parlaimint Thuaisceart na hÉireann i Halla na Cathrach, i mBéal Feirste. Shocraigh an rialtas i Londain riail dhíreach a chur i bhfeidhm in 1972.
Ón tús, bhí an Páirtí Aontachtach Daonlathach (DUP) ag cáineadh an tionól agus d'iarr siad ar a lucht leanúna vótáil 'ní' sa reifreann chun é a chur ar bhun.
Cuireadh an Tionól ar fionraí sa bhliain 2002, nuair a tháinig chun solais go raibh fáinne spiaireachta ag an IRA taobh istigh d'oifig Shinn Féin, an scannal "Stormontgate". B'é an gníomhaire dúbailte Donncha Mac Dónaill, nó Denis Donaldson, a thosaigh an fháinne seo, mar a fuarthas amach ní ba dhéanaí.
In 2006, foilsíodh Comhaontú Chill Rímhinn ina leagtar amach bealach i dtreo chineachadh iomlán póilíneachta agus ceartais agus socrú roinnt cumhachta cobhsaí.
Mhair an chéad Feidhmeannas Comhroinnte Cumhachta ó 8 Bealtaine 2007 go dtí 9 Eanáir 2017).
Thit Stormont i mí Eanáir 2017, i ngeall ar mhíshástacht Shinn Féin le hiompar an DUP, go háirithe faoin scéim fuinnimh in-athnuaite.
Bhris an scannal "Renewable Heat Incentives" (Dreasachtaí Teasa In-athnuaite) amach i dTuaisceart Éireann sa bhliain 2017, scéim fuinnimh nach raibh srian ar bith ar chaiteachas uirthi. Bhunaigh Arlene Foster (níos déanaí, ceannaire an DUP) an scéim nuair a bhí sí ina hAire Fiontair.
Chinn Sinn Féin nach seasfaidís le Foster a thuilleadh; shiúil Sinn Féin amach as Stormont agus ordaíodh fiosrú poiblí.
Ar an 11 Eanáir 2020, ar bhonn an Chomhaontaithe Deich mBliana Nua, Cur Chuige Nua, athbhunaíodh an Feidhmeannas agus an Tionól.
In 2022, tharraing an DUP amach as Stormont mar agóid i gcoinne an mhargaidh a rinne Rialtas na Breataine leis an Aontas Eorpach i dtaca le cúrsaí trádála. Cnámh spairne ab ea na socruithe a bhí ann maidir le hearraí áirithe a iompraítear idir an Bhreatain agus an Tuaisceart.
Ar 29 Eanáir 2024, chinn an DUP filleadh ar Stormont tar éis do choiste feidhmiúcháin an DUP an cheist a chaibidil ar feadh cúig huaire (cuireadh go láidir i gcoinne an chinnidh). Gheall Rialtas na Breataine "deireadh" a chur le "seiceálacha" custaim ar earraí a choinnítear taobh istigh de mhargadh an Tuaiscirt, a mhaígh Donaldson.
This article uses material from the Wikipedia Gaeilge article Tionól Thuaisceart Éireann, which is released under the Creative Commons Attribution-ShareAlike 3.0 license ("CC BY-SA 3.0"); additional terms may apply (view authors). Content is available under CC BY-SA 4.0 unless otherwise noted. Images, videos and audio are available under their respective licenses.
®Wikipedia is a registered trademark of the Wiki Foundation, Inc. Wiki Gaeilge (DUHOCTRUNGQUOC.VN) is an independent company and has no affiliation with Wiki Foundation.